Cuirtear samplaí ó bhailiúchán na nDoiciméad Leagtha (gach deich mbliana ó na 1920idí ar aghaidh) i láthair sa taispeántas seo. Ina theannta sin, tugtar léargas ann ar roinnt de na himeachtaí suntasacha i sochaí na hÉireann le 90 bliain anuas.

Ordú i dTaobh Príosún Chill Mhaighneann (Dúnadh)

Ordú i dTaobh Príosún Chill Mhaighneann (Dúnadh), 1929

Na 1920idí

Ordú i dTaobh Príosún Chill Mhaighneann (Dúnadh), 1929

Rinneadh Príosún Chill Mhaighneann, a bhí ag feidhmiú ó dheireadh an 18ú haois, a dhíchoimisiúnú mar phríosún i ndiaidh Chogadh Cathartha na hÉireann, agus dúnadh go foirmiúil é in 1929. Osclaíodh an príosún an chéad lá riamh in 1796 mar an príosún nua contae le haghaidh Bhaile Átha Cliath, agus is ann a choinnítí féichiúnaithe, gadaithe, lucht óil, lucht déirce agus striapacha agus a chuirtí príosúnaigh a fuarthas ciontach as dúnmharú agus robáil fhoréigneach chun báis go poiblí trína gcrochadh.

An tOrdú chun Diúitéthe do ghearradh go práinneach (Uimh. 1), 1932

An tOrdú chun Diúitéthe do ghearradh go práinneach (Uimh. 1), 1932

Na 1930idí

An tOrdú chun Diúitéthe do ghearradh go práinneach (Uimh. 1), 1932

Toghadh páirtí Fhianna Fáil, faoi cheannaireacht Éamon de Valera, i rialtas sna 1930idí. Ón tús ar fad, bhí fonn orthu cuid de chonradh 1921 a meas siad a chuir srian ar neamhspleáchas na hÉireann a chur as feidhm. Chun é sin a bhaint amach, leasaigh de Valera an bunreacht chun an tAirteagal inar ceanglaíodh ar chomhaltaí nuathofa Mionn Dílseachta a thógáil sula bhféadfaidís a suíochán a ghlacadh sa Dáil nó sa Seanad a bhaint amach, agus ag an am céanna tugadh ísliú céime do phost Sheanascal Shaorstát Éireann trí dhlúthchara nár ghlac le hoifig riamh agus nár chomhlíon aon fheidhm oifigiúil riamh a cheapadh.

Na Rialacháin fán Acht um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar 1939 (Deontais faoi Alt 58)

Na Rialacháin fán Acht um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar 1939 (Deontais faoi Alt 58)

Na 1940idí

Na Rialacháin fán Acht um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar 1939 (Deontais faoi Alt 58)

I rith an Dara Cogadh Domhanda ar fad, bhí beartas oifigiúil neodrachta ag Éirinn. Mar sin féin, toisc go raibh an Ríocht Aontaithe i mbun cogaíochta leis an nGearmáin, b'éigean d’Éirinn a bheith ullmhaithe le haghaidh aer-ruathar, agus, go deimhin, chaith brainse Luftwaffe na Gearmáine buamaí ar an bPoblacht roinnt uaireanta idir 1940 agus 1941.

Moltaí i gcomhair seirbhísí sláinte feabhsaithe agus leathnaithe, Iúil 1952

Moltaí i gcomhair seirbhísí sláinte feabhsaithe agus leathnaithe, Iúil 1952

Na 1950idí

Moltaí i gcomhair seirbhísí sláinte feabhsaithe agus leathnaithe, Iúil 1952

Tháinig athrú suntasach ar an gcóras cúram sláinte i bPoblacht na hÉireann sna 1940idí agus sna 1950idí, nuair a bunaíodh an Roinn Sláinte in ionad Roinn an Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí ar shaincheisteanna a bhain le cúram sláinte agus forbraíodh otharlanna ar fud na hÉireann chun deireadh a chur leis an eitinn. Le hAcht Sláinte 1947 a rith Fianna Fáil tugadh isteach plé ar chúram sláinte uilíoch agus is as sin a d’eascair conspóid na Scéime Máthar agus Linbh sna 1950idí.

Tuarascáil Bhliantúil RTÉ don bhliain dar chríoch an 31 Márta 1965

Tuarascáil Bhliantúil RTÉ don bhliain dar chríoch an 31 Márta 1965

Na 1960idí

Tuarascáil Bhliantúil RTÉ don bhliain dar chríoch an 31 Márta 1965

Cuireadh tús le craoltóireacht raidió na hÉireann an 1 Eanáir 1926 nuair a thosaigh 2RN, an chéad stáisiún raidió i Saorstát Éireann, ag craoladh ó stiúideo i mBaile Átha Cliath. Tháinig 2RN i gcomharba ar Radio Athlone in 1933, agus tugadh Radio Éireann air níos déanaí in 1938. Bhíodh Radio Éireann ag feidhmiú mar rannán den Roinn Post agus Teileagraf suas go dtí 1960, nuair a aistríodh é chuig comhlacht nua leathstáit neamhspleách a bunaíodh faoin Acht um Údarás Craolacháin, 1960.

Ballraíocht na gComhphobal Eorpach, Impleachtaí d’Éirinn, Aibreán 1970

Ballraíocht na gComhphobal Eorpach, Impleachtaí d’Éirinn, Aibreán 1970

Na 1970idí

Ballraíocht na gComhphobal Eorpach, Impleachtaí d’Éirinn, Aibreán 1970

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, rinne náisiúin in Iarthar na hEorpa iarracht comhar agus aontas a chothú ar fud na hEorpa. D’fhonn an t-idéal sin a bhaint amach, bunaíodh roinnt comhphobal sna blianta i ndiaidh an chogaidh. Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach in 1951, agus bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) sé bliana ina dhiaidh sin.

An comhaontú Angla-Éireannach idir rialtas na hÉireann agus rialtas na Ríochta Aontaithe, Hillsborough, 15 Samhain 1985

An comhaontú Angla-Éireannach idir rialtas na hÉireann agus rialtas na Ríochta Aontaithe, Hillsborough, 15 Samhain 1985

Na 1980idí

An comhaontú Angla-Éireannach idir rialtas na hÉireann agus rialtas na Ríochta Aontaithe, Hillsborough, 15 Samhain 1985

Ag deireadh na 1960idí thosaigh tréimhse coimhlinte fíochmhaire a mhair deich mbliana fichead i dTuaisceart Éireann, ar tugadh na Trioblóidí air, tráth ar bhásaigh os cionn 3,500 duine agus ar gortaíodh beagnach 50,000 duine eile.

An Ceart chun Pósadh Arís, Páipéar Faisnéise an Rialtais ar an Reifreann maidir le Colscaradh, Meán Fómhair 1995

An Ceart chun Pósadh Arís, Páipéar Faisnéise an Rialtais ar an Reifreann maidir le Colscaradh, Meán Fómhair 1995

Na 1990idí

An Ceart chun Pósadh Arís, Páipéar Faisnéise an Rialtais ar an Reifreann maidir le Colscaradh, Meán Fómhair 1995

I ndeireadh an fichiú haois chaith muintir na hÉireann vóta in dhá reifreann a bhain le colscaradh. Thionóil rialtas Fhine Gael faoi cheannaireacht Garret Fitzgerald an chéad reifreann ar cholscaradh in 1986, ach diúltaíodh dó le móramh suntasach, agus 65% de na toghthóirí ag vótáil ina choinne agus gan ach cúig thoghcheantar ag vótáil i bhfabhar an cholscartha. Is i mBaile Átha Cliath a bhí na toghcheantair sin go léir. Chuir toghcheantair Iarthar Chonnacht agus na Mumhan go láidir in aghaidh an leasaithe a bhí beartaithe, go háirithe, in Iarthar Chorcaí Thuaidh, áit ar vótáil 79% de na toghthóirí “Níl”.

An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe 1966 (Galar Crúb agus Béil) (Srianta Onnmhairithe agus Gluaiseachta), 2001

An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe 1966 (Galar Crúb agus Béil) (Srianta Onnmhairithe agus Gluaiseachta), 2001

Na 2000idí

An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe 1966 (Galar Crúb agus Béil) (Srianta Onnmhairithe agus Gluaiseachta), 2001

Bhris ráig den Ghalar Crúb agus Béil amach in Éirinn i mí an Mhárta 2001, galar víreasach atá thar a bheith tógálach a chuireann isteach ar eallach, caoirigh, muca, gabhair agus ainmhithe crúbscoilte eile, tar éis ráigeanna de roimhe sin sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann. Ba é seo an chéad ráig den ghalar in Éirinn ó 1941. Chuir an rialtas beartais dhiana i bhfeidhm ar ghluaiseacht beostoc chun déileáil leis na ráigeanna, lenar áiríodh srianta ar ghluaiseacht ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe ar fud an stáit, agus dífhabhtaíodh feithiclí a úsáideadh chun ainmhithe a iompar.

Tríú Tuarascáil an Choinbhinsiúin ar an mBunreacht, ag Leasú an Bhunreachta chun foráil do phósadh comhghnéis, 2013

Tríú Tuarascáil an Choinbhinsiúin ar an mBunreacht, ag Leasú an Bhunreachta chun foráil do phósadh comhghnéis, 2013

2010idí

Tríú Tuarascáil an Choinbhinsiúin ar an mBunreacht, ag Leasú an Bhunreachta chun foráil do phósadh comhghnéis, 2013

Bhí ceist an chomhionannais pósta do lánúnacha comhghnéis ar cheann de na saincheisteanna dlí agus sóisialta ba chonspóidí a bhí againn le fada an lá. Tá daoine ag éirí níos eolaí faoin gceist le blianta beaga anuas, agus grúpaí éagsúla laistigh de shochaí na hÉireann ag gabháil do phlé agus do dhíospóireacht bhríomhar maidir le haitheantas dlíthiúil a thabhairt don phósadh comhghnéis.