Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ról an Oireachtais

TCÉ

Féach isteach

Is é príomhfheidhm an Oireachtais ná dlíthe a dhéanamh i gcomhair na hÉireann. Chomh maith leis sin, toghann an tOireachtas an Rialtas agus ceadaíonn sé maoiniú na Ranna Rialtais. Feidhm thábhachtach de chuid an Oireachtais is ea an Rialtas a choimeád cuntasach.

Dáil Éireann

Ar ghnáthlá suí, féadfaidh an Dáil díospóireacht a dhéanamh ar dhlí molta, ar a dtugtar Bille, agus a chinneadh cé acu a rithfidh sí é chuig an gcéad Chéim eile nó nach rithfidh. Féadfaidh Comhaltaí ceisteanna a chur ar an Taoiseach, ar an Tánaiste nó ar Aire ar leith. Tugann an tAire ábhartha freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna nach dtugtar freagra orthu sa Dáil. Ina theannta sin, féadfaidh Teachtaí Dála ceist a chur ar an Rialtas faoin dul chun cinn atá déanta i leith píosa reachtaíochta. Cuirtear am i leataobh sa Dáil ar féidir le Comhaltaí Saincheisteanna Tráthúla a tharraingt anuas lena linn. Is minic gur saincheisteanna sonracha dáilcheantair iad sin. Is féidir go gcuirfear am Comhaltaí Príobháideacha ar fáil freisin. Lena linn sin, féadfaidh Comhaltaí den Fhreasúra rúin a mholadh nó Billí a chur i láthair.

Dáil

Seanad Éireann

Is gnách go dtosaíonn suí Seanaid le Nithe i dTosach Suí, ar lena linn a fhéadfaidh Seanadóirí saincheisteanna ar leith a chur in iúl don Aire ábhartha. I rith an Oird Gnó, aontaíonn Seanadóirí gnó an lae agus iarrann siad díospóireachtaí ar shaincheisteanna a measann siad gur cheart iad a phlé sa Seanad. Déanann an Seanad díospóireacht ar reachtaíocht mholta freisin. Féadfaidh Seanadóirí chomh maith rúin a chur síos ráitis a dhéanamh agus cuireadh a thabhairt d’Airí le díospóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna.

An Seanad

Coistí Oireachtais

Tarmligeann an tOireachtas roinnt dá chuid oibre i dtaca le hábhair shonracha, amhail sláinte nó coimirce shóisialach, chuig coistí Oireachtais. Is as an Dáil agus an Seanad a roghnaítear comhaltaí coistí. Féadfaidh coistí iarraidh ar an bpobal aighneachtaí a dhéanamh faoi Bhillí molta agus féadfaidh siad tuarascálacha a tháirgeadh ar bheartais, éisteacht le haighneachtaí réamhbhuiséid ó eagraíochtaí saoránach agus díospóireacht a dhéanamh ar Bhillí.

Coiste

Uachtarán na hÉireann

Is é an tUachtarán an ceann Stáit. Anuas ar fhreastal ar ócáidí oifigiúla, síníonn an tUachtarán Billí ina ndlí. Féadfaidh an tUachtarán diúltú do Bhille a shíniú ina dhlí. Ní tharlaíonn sé sin ach i gcúinsí neamhchoitianta, áfach, mar shampla i gcás ina measann an tUachtarán, i gcomhar leis an gComhairle Stáit, go bhfuil Bille míbhunreachtúil. Chun tuileadh a fhoghlaim faoi ról an Uachtaráin, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Uachtarán na hÉireann.

Barr
Roinn