Fógairt na mbuaiteoirí
Fuaireamar 65 iontráil don chomórtas agus bhí siad go léir ar ardchaighdeán. Tabharfar cuireadh do na scoláirí buacacha chuig searmanas bronnta (más féidir de réir chomhairle na sláinte poiblí) roimh dheireadh na bliana scoile agus cuirfidh siad a gcuid torthaí i láthair ann do chomhaltaí Thithe an Oireachtais agus d’aíonna eile a mbeidh cuireadh acu.

Winners of the Oireachtas Treaty Debates Research Project Competition in Leinster House with Cathaoirleach Mark Daly
Buaiteoirí
- An Duais Fhoriomlán don tionscadal is fearr
-
Grace Nic Cormaic (Múinteoir: Seán Ó Mairtín)
Is dalta Idirbhliana í Grace i gColáiste Oiriall i Muineachán. Scríobh sí a haiste ar Art Ó Gríobhtha agus, i measc cúiseanna eile, bheartaigh sí scríobh air toisc gur uaidh a sloinneadh an áit ina gcónaíonn a seantuismitheoirí. Thug sí achoimre shoiléir ar a spriocanna taighde agus bhain sí an-úsáid as foinsí ábhartha. Rinne sí sár-obair agus achoimre á déanamh aici ar ról Uí Ghríobhtha i nDíospóireachtaí an Chonartha agus b’achoimre ghonta agus shoiléir iontach í a tionscadal.
- Gradam speisialta le haghaidh an tionscadail inar baineadh an úsáid is fearr as suíomh gréasáin an Oireachtais chun taighde a dhéanamh ar na díospóireachtaí agus ar Chomhaltaí ar leith.
-
Emily Walsh (Múinteoir: Monica Murphy)
Is scoláire í Emily i gColáiste na Toirbhirte in Oileán Ciarraí i gCiarraí agus d’fhorbair sí taispeántas PowerPoint an-spéisiúil mar gheall ar Theachta Dála áitiúil, Aibhistín de Staic. Bhí an úsáid a bhain sí as na foinsí an-shoiléir ar fad. Ní hamháin gur bhain sí úsáid as foinsí áitiúla chun tacú le pointí ó chodanna de Dhíospóireachtaí oifigiúla an Chonartha, dhear sí cóid QR go snasta ionas go mbeadh aon duine a léadh an aighneacht in ann na doiciméid ábhartha a aimsiú go tapa agus go héasca.
- Cúige Chonnacht | An tSraith Shinsearach
-
Michael Moran (Múinteoir: Rosie Reale)
Is dalta Idirbhliana é Michael i Scoil na mBráithre Chríostaí i Ros Comáin. Scríobh sé a aiste ar Theachta Dála áitiúil, Daniel O’Rourke. Thug Michael cuntas lán sonraí mar gheall ar an Teachta a chuaigh ar aghaidh chun fónamh sa Seanad ina dhiaidh sin agus ar dhuine é a raibh sé an-spéisiúil taighde a dhéanamh air dá bharr.
Sa ghrianghraf feictear Michael agus a mhúinteoir leis an leas-phríomhoide, Francis Ferguson
- Baile Átha Cliath | An tSraith Shóisearach
-
Niamh Kinsella (Múinteoir: Laura Higgins)
Is scoláire sa tríú bliain i bPobalscoil na Ciseoige í Niamh agus scríobh sí a haiste ar Énrí Ó Beóláin. Maille le cur síos an-spéisiúil a bhreacadh ar a shaol, rinne Niamh obair iontach de mheasúnú na bhfoinsí a d’úsáid sí agus a haiste á scríobh aici.
- Baile Átha Cliath | An tSraith Shinsearach
-
Isobel Murphy (Múinteoir: Anne Marie Ryan)
Is scoláire Idirbhliana í Isobel i Meánscoil Loreto i mBaile Brigín agus scríobh sí cuntas iontach ar an ról a bhí ag Dr Ada English i nDíospóireachtaí an Chonartha, agus anuas ar sin, i ról na mban sa pholaitíocht a chur chun cinn. Bhí stíl chur i láthair den scoth aici, agus léirigh sí a suim sa taighde toisc go ndeachaigh sí i dteagmháil le Comhaltaí reatha chun éisteacht lena dtuairimí maidir le rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht.
Sa ghrianghraf feictear Isobel agus a múinteoir le príomhoide na scoile, Ann Marie McDonough
- Cúige Laighean | An tSraith Shóisearach
-
Sarah Jane O’Neill (Múinteoir: Michael Maher)
Is scoláire sa tríú bliain í Sarah Jane i bPobalscoil Naoimh Chaomháin i nDún Luáin a scríobh a haiste ar an gCuntaois Markievicz. Maille le cuntas a scríobh ar Dhíospóireachtaí an Chonartha, scríobh Sarah Jane alt fíor-spéisiúil ar Markievicz agus an méid a rinne sí do mhná na hÉireann agus do cheart vótála na mban ó mhí an Mhárta 1922. Thug sé seo léargas eile ar na hidéil a chuir Markievicz roimpi.
- Cúige Laighean | An tSraith Shinsearach
-
Daithi Murnane (Múinteoir: Ian Bright)
Is scoláire sa cúigiú bliain é Dáithí i bPobalscoil Chill Droichid. Scríobh Dáithí a aiste as Gaeilge agus labhair sé faoi ról Chathail Bhrugha i nDíospóireachtaí an Chonartha. Bhí an taighde a rinne sé don aiste rí-spéisiúil ar fad, agus fiú chuir sé garmhac Chathail Bhrugha faoi agallamh. B’aiste iontach í a léirigh cur chuige ceannródaíoch i leith taighde a dhéanamh ar topaic dheacair i stair na hÉireann.
- Cúige Mumhan | An tSraith Shóisearach
-
Saoirse Barrett (Múinteoir: Elaine Healy Rae)
Is scoláire sa chéad bhliain í Saoirse atá ag freastal ar Choláiste Loreto i Mainistir Fhear Maí agus scríobh sí a haiste ar Mhicheál Ó Coileáin. Leag sí béim ar leith ar an gcumarsáid a bhí ann idir an Coileánach agus Éamon de Valera agus an tslí a d’athraigh an caidreamh idir an bheirt acu de réir a chéile. Bhain sí úsáid mhaith as suíomh gréasáin an Oireachtais chun taighde a dhéanamh ar na Díospóireachtaí agus nocht sí tuairimí spéisiúla ina haiste.
- Cúige Mumhan | An tSraith Shinsearach
-
Bridgin O’Donnell (Múinteoir: Mary Walsh Foley)
Is scoláire san Idirbhliain í Bridgin i gColáiste Mhainistir na Féile, agus rinne sí a tionscadal taighde ar Theachta Dála áitiúil ag an am, M.P. Colivet. Bhain sí sárúsáid as an nasc áitiúil sin agus d'fhigh sí scileanna maithe scríbhneoireachta agus foinsí suimiúla agus ábhartha le chéile.
- Cúige Uladh | An tSraith Shóisearach
-
Saoirse McAree (Múinteoir: Joanne McEntee)
Is scoláire sa dara bliain í Saoirse i gColáiste Ard Feá agus scríobh sí a haiste ar an Teachta Dála áitiúil, Seán Mac an tSaoi. Léirigh a haiste go ndearna sí a lán taighde agus chuir sí cuntas an-chuimsitheach i láthair faoin ról a bhí aige sna Díospóireachtaí.
- Cúige Uladh | An tSraith Shinsearach
-
Thomas Cannon (Múinteoir: Kieran McTaggart)
Scoláire sa chúigiú bliain i bPobalscoil Loreto i mBaile na nGallóglach, Contae Dhún na nGall is ea Thomas a scríobh a aiste ar ionchur ó bheirt Teachtaí Dála áitiúla i nDíospóireachtaí an Chonartha: Joseph O’Doherty agus Peter Joseph Ward. Chuir a aiste cuntas cothrom, tomhaiste i láthair maidir leis na roghanna roimh an dá shlua sna Díospóireachtaí agus na cinntí a rinneadh.
Bhí ár gComórtas Tionscadail Taighde ar Dhíospóireachtaí an Chonartha le haghaidh scoláirí staire iar-bhunscoile mar chuid dár gclár chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain na ndíospóireachtaí agus na vótála ar an gConradh Angla-Éireannach in 1921–22.
Full information about the competition
- Brief
-
Carry out a research project on one or more of the Members of the second Dáil Éireann who were involved in the Debates on the Treaty, which took place from 14 December 1921 to 7 January 1922.
- Entries can be in English or Irish.
- Entries must be from individual students.
- The maximum word count is 1,500 words. References are not included in the word count.
Irish language entries and those which have a family, local or regional theme are especially welcome.
- Format
-
Submissions can be in any format such as Word, narrated Powerpoint, Adobe Spark, video etc.
The maximum word count of 1,500 words applies to all formats.
Audio-visual submissions should be no more than 2GB in size.
- Categories
-
Prizes will be awarded for the best Junior Cycle (1st to 3rd year) and Senior Cycle (TY, 5th and 6th year) entry from each of five regions:
- Dublin
- Rest of Leinster
- Ulster
- Munster
- Connacht
We will also award the following:
- Overall prize for the best project
- Special award for the project which makes best use of the Oireachtas website to research the debates and individual Members
- Awards
-
The winning entries will be announced on 14 December 2021.
Successful students from each region and category will be invited to present their research in Leinster House (subject to public health guidance) before the end of the school year. If this is not possible the event will be online.
- How to enter
-
Email your entry to the parliamentary education officer by Friday, 15 October 1921.
If your entry is too large to be emailed, you can share it via software such as OneDrive, Google Drive or WeTransfer.

The Illustrated London News coverage of the opening of the Treaty Debates in Dublin on 14 December 1921 | © Illustrated London News Ltd/Mary Evans
Sonraí teagmhála
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
Éire