Foghlaim tuilleadh faoi chuid de na chéad mhná a ghlac páirt sa pholaitíocht pharlaiminteach in Éirinn. Atáirgeadh na beathaisnéisí ar an leathanach seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography agus Maedhbh McNamara, comhúdar an leabhair Women in Parliament, Ireland: 1918–2000.

An Chuntaois de Markievicz

An Chuntaois de Markievicz / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

An Chuntaois de Markievicz

Bhí an Chuntaois de Markievicz ar dhuine den bheirt bhan a sheas in olltoghchán 1918 agus ba í an chéad bhean riamh í a toghadh chun Teach na dTeachtaí sa Bhreatain. Fearacht na n-iarrthóirí eile de chuid Shinn Féin, gheall sí nach nglacfadh sí a suíochán i bParlaimint Westminster. In áit suí in Westminster, chuaigh sí i nDáil Éireann réabhlóideach agus rinneadh an chéad Bhan-Teachta Dála di. Ba í an chéad Bhan-Aire in Iarthar na hEorpa í freisin.

Winifred Carney

Winifred Carney / Le caoinchead ó Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann KMGLM 2012.0243

Winifred Carney

Bhí Winifred Carney ar dhuine den bheirt bhan a sheas in olltoghchán 1918. Sheas sí i roinn aontachtach i mBéal Feirste, ach níor toghadh é. Bhí sí ina ball d'Arm Cathartha na hÉireann agus ba dhlúthchara de chuid Shéamais Uí Chonghaile í. Bhí sí ina rúnaí ag an gConghaileach freisin. Bhí sí in Ard-Oifig an Phoist le linn na Cásca 1916 agus rinneadh í a imtheorannú tar éis an Éirí Amach. Lean sí uirthi ag obair ar son ghluaiseachtaí na gceardchumann agus an oibreachais agus cháineadh sí coimeádachas sóisialta Rialtais na hÉireann tar éis neamhspleáchas a bhaint amach.

Ada English

Ada English in éadaí Gaelacha / Le caoinchead Gill

An Dr Ada English

Bhí an Dr Ada English ina Comhalta den dara Dáil agus ar dhuine de na chéad mhná a bhí ina dochtúir in Éirinn. Bhí sí ina ceannródaí i leigheas síciatrach in Éirinn, á thabhairt chun cinn, ach bhí sí feiceálach chomh maith sa ghluaiseacht phoblachtach mar bhall de Chumann na mBan agus Sinn Féin.

Hanna Sheehy Skeffington

Hanna Sheehy Skeffington / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Hanna Sheehy Skeffington

Ba dhuine de bhunaitheoirí Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann í Hanna Sheehy Skeffington. Cuireadh príosúnacht uirthi agus briseadh as a post í as ucht a feachtais mhíleataigh ar son na vótála. Tar éis 1918, d'fhan sí gníomhach sa pholaitíocht agus san fheimineachas le blianta fada, agus chothaigh sí feachtas i gcoinne Bhunreacht 1937. Níor éirigh léi in olltoghchán na bliana 1943.

An Dr Kathleen Lynn

An Dr Kathleen Lynn / Arna atáirgeadh le caoinchead Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann

An Dr Kathleen Lynn

Toghadh an Dr Kathleen Lynn don cheathrú Dáil sa bhliain 1923, ach níor ghlac sí a suíochán toisc go raibh sí i gcoinne an Chonartha. Bhí sí ar dhuine de na chéad mhná a bhain céim leighis amach in Ollscoil Ríoga na hÉireann agus bhunaigh sí ospidéal leanaí. Chuaigh sí le gluaiseacht na gceart vótála agus ba fhreastalaí leighis í ar stailceoirí ocrais feimineacha ó 1912. Bhí sí ina príomhoifigeach leighis in Arm Cathartha na hÉireann le linn Éirí Amach 1916.

Kathleen O'Callaghan

Kathleen O'Callaghan / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Kathleen O'Callaghan

Tháinig Kathleen O'Callaghan ó theaghlach poblachtach. Bhí sí ina comhalta den dara Dáil sa bhliain 1921. Toghadh chuig an tríú Dáil í sa bhliain 1922 ach dhiúltaigh sí a suíochán a ghlacadh, rud ba dhual do dhuine a bhí in éadan an Chonartha a dhéanamh. Cé gur éirigh sí as an bpolaitíocht ghníomhach, chuir sí i gcoinne Bhunreacht na hÉireann, 1937.

Margaret Pearse

Margaret Pearse / Le caoinchead Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath

Margaret Pearse

Ba mháthair Phádraig agus William Pearse (beirt a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach 1916) í Margaret Pearse. Measadh go raibh sí ina ceann feadhna i náisiúnachas na hÉireann. Bhí sí ina comhalta den dara Dáil sa bhliain 1921 agus bhí sí i gcoinne an Chonartha.

Kathleen Clarke

Kathleen Clarke / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Kathleen Clarke

Bhí Kathleen Clarke ina comhalta den dara Dáil agus den chúigiú Dáil nár mhair i bhfad. Ainmníodh í don Seanad níos faide anonn. Thosaigh sí a gnóthas féin nuair a bhí sí 18 mbliana d'aois ach, ina dhiaidh sin, chaith sí a saol le cúis neamhspleáchas na hÉireann. Tar éis Éirí Amach na Cásca, nuair a bhí na ceannairí marbh nó i bpríosún, d'imir Kathleen Clarke ról lárnach san fheachtas ar son an neamhspleáchais. Cuireadh i bPríosún Holloway í. Rinneadh an chéad bhan-Ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath di sa bhliain 1939.

Caitlín Brugha

Caitlín Brugha

Caitlín Brugha

Toghadh Caitlín Brugha don cheathrú Dáil sa bhliain 1923 agus atoghadh í sa bhliain 1927. Bhí a suíochán á choimeád roimhe sin ag a fear céile, Cathal Brugha, a maraíodh agus é ag troid ar thaobh na bPoblachtach sa Chogadh Cathartha an bhliain roimhe sin. Bhí Caitlín i gcoinne rialtas an tSaorstáit agus dhiúltaigh sí a suíochán a ghlacadh. Chuaigh a mac Ruairí sa pholaitíocht fosta agus bhí sé i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann araon.

Margaret Collins-O'Driscoll

Margaret Collins-O'Driscoll / Cartlann Grianghrafadóireachta RTÉ

Margaret Collins-O'Driscoll

Tar éis gur lámhachadh a deartháir, Micheál Ó Coileáin, in 1922, toghadh Margaret Collins-O’Driscoll sa cheathrú Dáil. Atoghadh trí huaire í, agus ba í an t-aon bhean í a toghadh sa séú Dáil.

Margaret Cousins

Margaret Cousins / Le caoinchead Keith Munro, garnia Margaret agus James Cousins

Margaret Cousins

Ba dhuine de bhunaitheoirí Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann í Margaret Cousins. Chuaigh sí anonn go Sasana chun oirbheartaíocht mhíleatach a fhoghlaim, mháirseáil sí ar Black Friday (Aoine an Doirte Fola) agus cuireadh i bpríosún in Holloway í. Cuireadh i bpríosún Thulach Mhór í sa bhliain 1913 as ucht fuinneoga a bhriseadh. Tar éis bogadh go dtí an India, lean sí ar aghaidh leis an bhfeachtas ar son chearta na mban. Rinneadh an chéad bhan-ghiúistís san India di.