Éist lenár rogha podchraoltaí faoin streachailt do chearta vótála na mban in Éirinn.

Labhraíonn Máire Geoghegan-Quinn faoina saol i bpolaitíocht na hÉireann

Sa phodchraoladh seo tá comhrá le Máire Geoghegan-Quinn, an dara bean a chaith seal mar Aire Rialtais na hÉireann. Bhain sí áit amach sa stair arís in 2010 nuair a rinneadh Coimisinéir Eorpach de chuid na hÉireann di – ba í an chéad bhean í a ceapadh sa phost sin agus ní dhearna aon bhean Éireannach an t-éacht sin ó shin.

Women in the 1916 Rising

Nuair a bunaíodh Cumann na mBan sa bhliain 1914, iarradh ar mhná na hÉireann tús áite a thabhairt do shaoirse na hÉireann thar aon ní eile, lenar áiríodh an feachtas ar son ceart vótála. Sa phodchraoladh seo, insíonn an staraí agus an t-údar Sinéad McCoole an scéal faoin ról a bhí ag mná in Éirí Amach 1916.

The Road to the Vote

Insítear an scéal faoin troid ar son ceart vótála do mhná in Éirinn idir 1917 agus 1918 sa tsraith podchraoltaí seo leis an Dr Finola Doyle-O'Neill. Ina theannta sin, déantar plé ar chearta na mban in Éirinn tar éis ceart vótála a bhaint amach.

Craoladh The Road to the Vote den chéad uair ar UCC98.3FM; cuirtear ar fáil é le caoinchead an Dr Finola Doyle O'Neill, staraí craolacháin, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.