Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí foirceanta

Faigheann Comhaltaí a éiríonn as nó a chailleann a suíocháin cnapshuim foirceanta agus íocaíochtaí foirceanta sula bhfaigheann siad teidlíochtaí pinsin, faoi réir coinníollacha áirithe.

Ní féidir le hiar-Chomhalta íocaíochtaí foirceanta agus pinsean a fháil ag an am céanna, cé gur féidir leo roghnú le híocaíochtaí foirceanta a stopadh agus iarratas a dhéanamh ar phinsean.

Cnapshuim foirceanta

Chun cáiliú do chnapshuim foirceanta, is gá do Chomhalta:

  • ar a laghad sé mhí seirbhísí leanúnacha a bheith aige/aici mar Chomhalta den Oireachtas.
  • gan a bheith ina Chomhalta san Oireachtas ina dhiaidh sin nó bheith ina MEP láithreach nó bheith ceaptha ag an Rialtas chuig post lánaimseartha.

Má shásaítear na coinníollacha thuas beidh cnapshuim iníoctha coibhéiseach le dhá mhí tuarastail, liúntais tuarastail arna gcoinneáil ón tréimhse deiridh de sheirbhís leanúnach san áireamh. Tá an chnapshuim sin faoi réir rialacha na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le scaoilíocaíochtaí.

Íocaíochtaí

Anuas ar chnapshuim, tá íocaíochtaí foirceanta míosúla iníoctha má tá seirbhís leanúnach trí bliana ar a laghad ag an gComhalta. Tá an líon agus ráta na n-íocaíochtaí bunaithe ar an líon blianta seirbhíse leanúnaigh.

Déan teagmháil le saineolaí

Aonad Pinsean na gComhaltaí

 

 memberspensions@oireachtas.ie

Nuashonraithe go deireanach: Déar, 28 Samh 2024

Barr
Roinn