Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Sláinte agus Sábháilteacht i dTeach Laighean

Tá Seirbhís Thithe an Oireachtais tiomanta do thimpeallacht shábháilte agus shláintiúil a sholáthar do Chomhaltaí, don fhoireann pholaitiúil, d’fhostaithe na seirbhíse, agus do chuairteoirí chuig Tithe an Oireachtais.

Tá ráiteas sábháilteachta na seirbhíse ar fáil thíos.

Is gá go nglacfadh gach duine ar an gcampas cúram réasúnach dá sláinte, sábháilteacht agus leas féin agus aon duine dá ndéanfadh a ngníomhaíochtaí nó a bhfaillí difear. Ní mór do bhainisteoirí agus maoirseoirí ag gach leibhéal rioscaí le sláinte agus sábháilteacht a shainaithint i réimsí laistigh dá smacht bainistíochta agus chun córais oibre sábháilte a chothú. 

Ba cheart go gcuirfeadh gach duine a oibríonn ar champas Thithe an Oireachtais guaiseacha féideartha sláinte nó sábháilteachta in iúl don aonad inbhuanaitheachta, sábháilteachta agus inrochtaineachta.

Déan teagmháil le saineolaí

An tAonad Inbhuanaitheachta, Sábháilteachta agus Inrochtaineachta

 

healthandsafety@oireachtas.ie

 

Nuashonraithe go deireanach: Aoine, 29 Samh 2024

Barr
Roinn