Éamon Ó Cuív
Question:233. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé i gceist aici líon na scoláireachtaí do dhaltaí lasmuigh de na hOileáin a fhreastalaíonn ar na scoileanna ar na trí cinn d’Oileáin Árann a mhéadú le nach mbeidh na scoileanna ag brath ar scoláirí a bheith i dteideal an “Deontas Ceantar Iargúlta” de chuid na Roinne Oideachais le bheith inmharthana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11234/24]
View answer