Bhí cuid mhór athchóirithe reachtaíochta ar siúl sa 19ú haois maidir leis an mbainistiú ar mheabhairghalar in go leor tíortha.
Ba iad ritheadh an Lunatic Asylums (Ireland) Act 1821, an Criminal Lunatics (Ireland) Act 1838 agus an Private Lunatic Asylums (Amendment) Act 1842 na hathchóirithe ba shuntasaí.
Tugadh faoi thionscnaimh thábhachtacha in Éirinn ag an am seo; d’fhéadfaí a rá gur bunaíodh córas fairsing de ghealtlanna poiblí de bharr an chinn ba bhuaine acu. Dá bhrí sin, tháinig athruithe móra ar choincheapú agus ar eispéireas an mheabhairghalair in Éirinn.
Teanga na meabhairshláinte
Úsáidtear téarmaí sa taispeántas a gheobhaidh tú sna taifid stairiúla. Léiríonn siad sin dearcadh agus teanga na ndaoine ag an am ach a bhféadfaí féachaint air anois mar rud dímheasúil agus maslach.
Úsáideadh an focal "gealt" chun cur síos a dhéanamh ar dhuine a raibh "an chuimhne agus tuiscint go maith aige uaireanta agus uaireanta nach raibh", agus úsáideadh "amadán" chun cur síos a dhéanamh ar "amadáin nádúrtha ó caitheadh ar an sop iad". In 1880, úsáideadh an téarma "tearmann" nó “asylum” in ionad "teach na ngealt" nó “madhouse” a bhíodh in úsáid roimhe sin agus a d'éirigh neamhfhaiseanta i rith an 18ú haois.
Tharla athrú mór ar an soláthar cúraim a tugadh do dhaoine a raibh meabhairghalar ag dul dóibh agus a bhí beo bocht in Éirinn ag an am. As an soláthar suarach a bhí á fháil ag daoine a raibh meabhairghalar ag dul dóibh agus a bhí beo bocht in Éirinn tháinig córas ina raibh tearmainn mhóra dúiche scaipthe anseo is ansiúd ar fud na tíre, cuid mhaith acu lán go béal agus bhí thart ar scór tearmann gealt príobháideach cláraithe in 1893, a bhformhór acu i mBaile Átha Cliath agus sna bailte timpeall air.
"Anuas go dtí 1808, ní raibh ach tearmann gealt amháin sa tír, agus roinnt blianta ina dhiaidh sin, agus bunaíodh cinn eile, caithfidh go raibh riocht na ndaoine a bhí ag cur fúthu iontu go hainnis ar fad. Labhair an tUasal James Rice os comhair Coiste de Theach na dTeachtaí in 1817, agus dúirt, agus é ag tagairt do Thearmann Luimnigh, nach mbeadh sé fiú oiriúnach mar theach dá gcuid madraí.”
- Lochtanna sa Chaoi ar Caitheadh le Gealtacht i dTearmainn Phoiblí na nGealt...
Rinneadh machnamh i gcuid mhaith de phaimfléid bhailiúchán Cartlainne an Oireachtais sa 19ú haois inar pléadh an topaic seo ar an nGorta Mór agus ar bhochtaineacht mar cheann de na príomhrudaí a bhí mar shiocair ag Éireannaigh dul as a meabhair, agus deir daoine eile gur mar gheall ar an imirce a bhí na tinnis éagsúla ann.
Dar le Andrew Halliday, an dochtúir agus an scríbhneoir as an Albain, "bhí an cruatan uafásach a bhí i measc na mbocht in Éirinn, agus iad ina gcónaí le chéile in áiteanna plódaithe agus salacha, go háirithe i mBaile Átha Cliath… ina gcionsiocair láidir ag an ngalar."
Faoi thús an 20ú haois, seans go raibh an oiread céanna drogaill roimh thearmainn na ngealt in 1900 is a bhí in 1850, agus is le roinnt blianta anuas a thosaigh an náire agus an stiogma a bhain leo in Éirinn ag dul i léig.
- Faoiseamh do na heasláin agus do dhaoine a bhí beo bocht 1927
-
Tuarascáil an Choimisiúin um Fhaoiseamh do na hEasláin agus do Dhaoine a bhí Beo Bocht, lena n-áirítear daoine a bhí ar Mire le teann Bochtaineachta, 1927
Leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais an 11 Deireadh Fómhair 1927
Sonra ón tuarascáil
Eisíodh an tuarascáil seo, a d’fhoilsigh an Coimisiún um Fhaoiseamh do na hEasláin agus do Dhaoine a bhí Beo Bocht a ceapadh an 19 Márta 1925, in 1927 agus é mar chuspóir reachtaíocht bhuan a cheapadh agus chun fiosrúchán a dhéanamh maidir leis an bhforáil reatha in institiúidí poiblí chun cúram agus cóireáil a thabhairt do dhaoine a raibh meabhairghalar ag dul dóibh i measc daoine eile, lena n-áirítear máithreacha gan phósadh agus a gcuid leanaí, agus chun comhairle a thabhairt maidir le cibé an bhféadfaí modhanna níos éifeachtaí a thabhairt isteach go háirithe maidir le cúram agus oiliúint do leanaí a raibh meabhairghalair ag dul dóibh agus aird chuí ar an gcostas a bhí i gceist.
Is coiste fear, agus bean amháin, Seanadóir neamhspleách darbh ainm Jenny Wyse-Power, a scríobh an tuarascáil, ar ordú an rialtais a bhí i gcumhacht ag an am. Bhí moinsíneoir ar an gcoiste, agus urramach, agus roinnt Teachtaí Dála agus Seanadóirí.
Déantar cur síos i gCuid II ar an stair in Éirinn a bhain le soláthar poiblí d’othair i gcúram an stáit go luath sna 1800idí – “Bhí an soláthar poiblí is túisce do na gealta i bhfoirm cillíní a tógadh i dtithe oibre nó i dtithe na mbocht. In 1728 tógadh cillíní i dTeach Oibre Bhaile Átha Cliath. Níos déanaí, san ochtú haois déag, cuireadh líon beag cóiríochta ar fáil do na gealta i dtithe oibre a bunaíodh i roinnt contaetha faoi Acht 1772. I dtreo dheireadh an ochtú haois déag, bronnadh an chuid is mó d’eastát Jonathan Swift ar mhaithe leis sin, tearmann do na gealta, is é sin, Ospidéal Naomh Pádraig, atá fós ann.”
Tá cuntais ann freisin ar sholáthar poiblí reatha do na gealta agus pléitear na hAchtanna Gealtachta, deontas parlaiminteach le haghaidh tearmainn i mBaile Átha Cliath, agus tá cuntas ginearálta ann ar fhorbairt na n-ospidéal meabhairghalair, lena n-áirítear bunú na dTearmann Dúiche in 1817.
Ní hamháin gur léiríodh meon na ndaoine ag an am sa tuarascáil, ach leagadh síos an dearcadh a chuirfí i bhfeidhm i mbeartais sa todhchaí.Ón mBailiúchán de Dhoiciméid Leagtha, DL068542
- Staid thearmainn na ngealt 1862
-
Lochtanna sa Chaoi ar Caitheadh le Gealtacht i dTearmainn Phoiblí na nGealt in Éirinn, agus Moltaí lena Leigheas agus roinnt Rudaí a Tugadh Faoi Deara i dTearmainn Shasana, 1862
Sonra ón tuarascáil
"Coinnithe i dteach príosúin mallaithe gan chompord, agus fágtha le saol anróiteach a chaitheamh ansin, gan aon iarracht réasúnach á déanamh cóireáil a thabhairt, gan fostaíocht, gan ruidín beag áthais nó dóchas saoirse, bhí [an príosúnach] smachtaithe le teann eagla nó ocrais, é buailte, magadh á dhéanamh faoi, an ghráin air, dearmadta."
Seo ceann de chuid mhaith paimfléad ón mBailiúchán Leabhráin ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath a cuireadh i gcatalóg le déanaí ina ndéantar grinnfhiosrúchán ar an gcúram a fuair othair in Éirinn sa 19ú haois. Ina measc tá sleachta ón gCoimisiún Ríoga nuacheaptha a bhfuil sé de chúram air tuairisc a thabhairt ar na dálaí inar mhair othair sna hinstitiúidí seo, mar aon leis an dlí maidir le 'gealta'. Tógadh na sleachta as freagraí a thug Stiúrthóirí Bainistíochta na dtearmann ba cháiliúla a bhí ar fud na hÉireann ag an am.
"Ceann de na lochtanna is mó atá ar Thearmainn na hÉireann, ach an oiread le cuid mhaith de thearmainn Shasana, ná an ghné phríosúin a bhaineann leo, in ainneoin iarracht mhór le héifeacht ailtireachta a bhaint amach, agus caiteachas suntasach ar ornáidíocht sheachtrach. Go deimhin, nuair a bhreathnaítear ar beagnach gach rud a bhaineann lena dtógáil cruthaítear gurb é an príomhsmaoineamh is dóigh a bhí acu siúd a dhear iad ná gur chóir caitheamh le gealt beagnach an chaoi chéanna a gcaitear le coirpeach."
Tugann an paimfléad léargas lom dúinn freisin ar an gcineál saoil a chaith cuid mhaith Éireannach sna tearmainn ar dhul isteach dóibh sna cineálacha éagsúla institiúidí a bhí scaipthe ar fud na tíre. Níorbh é cuma fhisiciúil na bpríosúnach sna tearmainn sin i Sasana agus in Éirinn is mó a bhí ag déanamh tinnis don údar, John A. Blake, ach gur chóir an leadrán agus an duairceas intinne sin a d'fhulaing daoine i 'dTearmainn na nGealt' a bhriseadh le ceird is siamsaíocht toisc go raibh cruthúnas ann go raibh éifeachtaí dearfacha aige sin ar an gcumas a bhí ag an othar leigheas a fháil.
"Maidir le Tearmainn Chontae, tá an meon ag oifigigh anois gach othar a chur ag obair chomh luath is a chuirtear isteach i dtearmann iad – rud nach mbíonn ceart uaireanta, nuair, b'fhéidir, gurb í an obair is cúis leis a bheith i dteach na ngealt i dtús báire. Cuirtear fear nach bhfuil ach ligthe isteach chuig an ngréasaí sula mbíonn deis ann fiú a chás a chur os comhair dochtúra; agus bean bhocht faoi bhrón, nó cailín óg scanraithe, trína chéile a chuirtear ag obair lom láithreach le snáthaid agus snáithe, le dul i mbun na ceirde díomhaoine céanna a scrios a sláinte cheana féin, amhail is go raibh sí i dteach na mbocht."
Ón mBailiúchán Leabhráin ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, DCT151004
- Tearmann na nGealt i gCeantar Maryborough 1833
-
Rudaí a Tugadh Faoi Deara agus Moltaí maidir le Bainistíocht Thearmann na nGealt i gCeantar Maryborough 1833
Foirm iontrála bheartaithe curtha faoi bhráid na ngobharnóirí lena breithniú agus le glacadh le haghaidh Thearmann na nGealt i gCeantar Maryborough le haghaidh chontaetha an Rí agus na Banríona, agus chontaetha na hIarmhí agus an Longfoirt, tar éis athbhreithniú a rinneadh ar nósanna imeachta iontrála nach raibh sách maith.
Níl sa phaimfléad seo ach ceann amháin de roinnt samplaí inár mbailiúchán de bhreathnuithe agus leigheasanna a mhol dochtúirí leighis ag an am. Bhí dóchas ag an údar, an tUasal John Jacob, Stiúrthóir Bainistíochta, go dtroidfeadh sé rud mar ab fhacthas dó a bheith ina "ainsprid tromchúiseach a bhí ag dul i méid in Éirinn". Cáineann sé an chumhacht a bhí ag bainisteoirí agus ag mátrúin institiúidí Éireannacha, agus creideann sé nach raibh aon chur amach ag cuid mhaith acu ar leigheas ná ar chóireáil mhorálta agus fós féin go gcuirtear i bhfeighil áiteanna mar sin iad, agus dar leis gur beag tionchair a bhíonn ag an dochtúir maidir le treo Thearmainn na nGealt.
"Níor cuireadh na cúiseanna fisiciúla go raibh saochan céille ar intleacht duine isteach le haghaidh grinnscrúdú anailíseach mar a rinneadh le galair eile, agus tréigeadh an t-othar go hiomlán, nó tugadh leigheasanna dó b'fhéidir a d'oibreodh, ach b'fhéidir a dhéanfadh an oiread díobhála dó is a dhéanfaidís de mhaitheas dó."
Gné amháin a thug an t-údar faoi deara in Maryborough ná an easpa taifead ar othair aonair san institiúid. Mar gheall ar róphlódú i gcuid mhaith tearmann gealt ceantair, níor coinníodh taifid d'othair i gceart, rud a chiallaigh go raibh othair a bhí caillte le cúpla bliain fós cláraithe mar dhaoine a bhí beo agus mar sin de, mar a tharla ag Tearmann Richmond. In Maryborough, mar sin féin, luann an t-údar go raibh sé uafásach deacair imscrúdú a dhéanamh ar roinnt cásanna toisc go raibh "cuntais lochtacha ar a stair roimhe sin". Chun an míbhuntáiste sin a fheabhsú, mhol sé córas iontrála isteach sa tearmann, lena n-áirítear foirm iontrála a bheadh le síniú ag an ngiúistís agus ag ministir an pharóiste agus foirm eile a bheadh le síniú ag cairde/gaolta an othair. Mhol sé freisin go gcuirfí ceisteanna áirithe ar an othar; ina measc:
- Luaigh aois, reiligiún, ceird an othair, cibé an bhfuil sé pósta nó singil. Más bean atá i gceist, cibé an raibh clann uirthi, an méid clainne, agus an tréimhse inar rugadh an leanbh deiridh di.
- An ndealraíonn sé go raibh baint ag an ngalar le toircheas, leis an staid seoil nó le lachtadh.
- Cén bhail a bhí ar shláinte an othair sula raibh an ghealtacht le sonrú, ar tugadh aon ní ar leith faoi deara maidir le goile, codladh, bail na bputóg, &c.
- An raibh an t-othar aisteach nó lagintinneach ó nádúr.
- Cad iad na gnéithe is feiceálaí i riocht reatha intinn an othair, an bhfuil sé ar mire as éadan, an bhfuil sé gealgháireach nó duairc, nó an bhfuil tréith amháin faoi leith nó sraith smaointe i gceist, má tá, luaigh go sonrach cad a d'fhéadfadh a bheith i gceist, nó cén sórt seachmaill atá suntasach go háirithe, nó cibé an bhfuil sé tugtha d'aon drochnós faoi leith.
Tugann an paimfléad léargas dúinn freisin ar an gcineál aiste bia agus an sceideal laethúil a mhol an t-údar a ghlacadh ionas go mbeadh gach áit phoiblí á bainistiú níos fearr.
Ón mBailiúchán Leabhráin ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, DCT013008
- Athchóiriú ar dhlí na ngealt 1885
-
Dlí na nGealt: Lochtanna maidir leis, agus Scéim Athchóirithe 1885
Sonra ón tuarascáil
Sainaithnítear sa phaimfléad gearr seo, a cuireadh i gcló in athuair le haghaidh an Uasail William R. Huggard, M.A., M.D. ón British Medical Journal, 17 Eanáir 1885, na fadhbanna a bhain leis an reachtaíocht maidir le cúram 'na ngealt' ag deireadh an 19ú haois agus déantar cur síos ann den chuid is mó ar na modhanna éagsúla nár oibrigh rómhaith go minic chun gealtacht a dheimhniú.
"Ní gá d'aon duine de na daoine atá i mbun deimhniú gealtachta aon chur amach a bheith acu, idir eolas praiticiúil nó teoiriciúil, ar ghealtacht." Tugtar roinnt rudaí suimiúla faoi deara ann freisin maidir le réadmhaoin daoine a mheastar a bheith ar mire. "Nuair a dheimhnítear go bhfuil duine ar mire nó gur gealt é, fágtar gan caomhnóir dlíthiúil a chuid réadmhaoine; agus, seachas nuair is réadmhaoin an-bheag atá i gceist, tá an próiseas a bhaineann le caomhnóir dlíthiúil a fháil chomh daor sin, agus chomh mall sin, gur dóigh nach ndéanfadh gadaíocht bheag agus drochbhainistiú an oiread damáiste in aon chor don eastát."
Luaitear ann na ceithre chineál othar difriúil a cuireadh isteach ag an am ar ar tugadh:
- Othar príobháideach (á íoc aige féin nó ag a chairde),
- Othar bocht (á chothú go hiomlán nó i bpáirt as rátaí an pharóiste),
- Othar seansaireachta (a deirtear gur gealt é trí ionchoisne),
- Gealt Coiriúil.
Bhain sé de thátal as, cé gurb é an tuairim ghinearálta ná gur chóir dul i ngleic leis an dlí maidir le cúram daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu ag an am seo, go mbeidh dream éigin i gcónaí a bheidh in aghaidh gné éigin den dlí agus dá bhrí sin, nach raibh aon phleananna ann chun é a athrú.
Ón mBailiúchán Leabhráin ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, DCT151008
- Staid thearmainn na ngealt 1808
-
Tuairimí maidir le Staid Reatha Thearmainn na nGealt in Éirinn, agus ar Líon agus ar Riocht na mBochtán ar Mire sa Ríocht sin 1808
Sonra ón tuarascáil
Go luath sa 19ú haois, tar éis don údar deich mí a chaitheamh ag foghlaim faoi staid reatha (an uair sin) na 'ngealt' bocht agus coiriúil in Éirinn, d'fhoilsigh sé tuarascáil agus gach dóchas aige go dtiocfadh ball de Theach na dTeachtaí in Éirinn chun tosaigh ar a son chun "an méid a bhí déanta ag an Uasal Charles W. Williams Wynn cheana féin a bhaint amach thar ceann na ngealt coiriúil agus bocht i Sasana agus sa Bhreatain Bheag."
Tugtar sonraí sa phaimfléad maidir le staid thearmainn na 'ngealt' i ngach cúige in Éirinn agus riocht na n-othar, lena n-áirítear litreacha mionsonraithe ina raibh figiúirí agus cur síos srl., a seoladh go hÉirinn d'fhonn na hospidéil sin a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr, mar a bhí ag tarlú i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ag an am.
Sular bunaíodh na Tearmainn Dúiche in Éirinn, chuirtí na 'gealta' a “d'éirigh contúirteach go dtí an Teach Oibre i mBaile Átha Cliath ó am go ham. Bhí tacaíocht ag na hinstitiúidí sin ó Sheachadtaí an Ard-Ghiúiré, agus ní amháin gurbh iadsan Tearmann na ngealt bocht, ach bhí siad mar phríosún do dhaoine gránna a díbríodh as an tír." Cruinníodh airgead le haghaidh na críche sin de ghnáth trí shíntiús deonach sa bhaile nó sa pharóiste ina raibh cónaí ar an ngealt bocht. "Nuair a smaoinímid ar an taisteal fada ab éigean do chuid acu a dhéanamh, agus an soláthar beag suarach a bhí le fáil as iad a sheoladh in aon chor, ní féidir linn iontas a bheith orainn gur fágadh iad le fulaingt in éineacht lena gcairde, iad faoi shlabhra in áit éigin iargúlta, mar a thug an tUasal Edgworth faoi deara, gan aon iarracht déanta chun iad a thabhairt slán."
Diúltaíonn an t-údar aon tagairt a dhéanamh don chruatan a chonaic sé agus é ar cuairt ar na Tearmainn i Sasana. Ina ionad sin, luann sé píosa as Sir George Onesepherous Paul: "Níl mórán paróiste nach bhfaighidh tú créatúr éigin ar thit mí-ádh an tsaoil air, atá as a mheabhair de bharr drochshláinte, a ceanglaíodh le slabhra sa siléar nó i lochta i dteach na mbocht, de chois boird, de chuaille i scioból, nó b'fhéidir atá faoi ghlas i bhfothrach gan chónaí; nó, má tá a ghealtacht neamhurchóideach, a fhágtar le dhul ag spaisteoireacht, leath-nocht, leath-stiúgtha, ar shráideanna agus ar bhóithre, agus gach cineál magaidh á dhéanamh faoi, agus caint gháirsiúil, drochbhéasach, nó urchóideach á cloisteáil aige."
Níl aon aiféala ar an údar na cuntais seo a leanas a thabhairt ina léirítear an faillí mhór a bhí á déanamh toisc nach raibh na tithe sách maith agus nach raibh dóthain maoinithe ann ná go deimhin dóthain daonnachta. Luann sé freisin gur bocht an scéal é nuair a smaoiníonn tú faoi cuid mhaith cásanna ina raibh duine díreach ar rámhaille nach seasfadh, ach a chuaigh as a mheabhair ar fad agus atá anois chomh dona is nach féidir é a leigheas, de bharr a bheith faoi ghlas sna cillíní seo.
Cur síos ar an Teach Oibre i gContae agus i gCathair Chorcaí agus riocht na n-othar:
"Na chéad rudaí a chonaic duine ná na striapacha is gránna a d'fhéadfá a fheiceáil sa chathair, agus ciontóirí óga cruthanta: agus bhí ochtó is a dó striapach ann, agus bhí slabhra agus bloc ceangailte ar chois amháin ag gach duine acu; bhí droch-éadaí orthu, níor ceadaíodh aon ghúna príosúin dóibh… I gcuid eile den fhoirgneamh, chonaic mé na pleotaí agus na gealta, a raibh céad agus a hocht díobh ann; is beag acu siúd a bhí ann; is cosúil go raibh an grúpa eile ag fáil gach airde: roimhe seo bhídís ag rith ar na sráideanna gan aon duine ag breathnú amach dóibh."
Is iomaí cur síos eile atá sa phaimfléad seo de rudaí atá feicthe ag an údar i dtearmainn in Éirinn agus is cinnte go gcuirfidís “uafás is scéin ort”.
Ón mBailiúchán Leabhráin ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, DCT073007
- Córas faoiseamh leighis phoiblí 1836
-
Tuarascáil maidir leis an gCóras Reatha d’Fhaoiseamh Leighis Phoiblí in Éirinn 1836
Sonra ón tuarascáil
"Trí bhíthin na dtearmann gealt [níos mó] seo, tugann Éire deis imscrúdú a dhéanamh ar shaintréithe na gealtachta, nach raibh a leithéid riamh cheana in aon chuid den Eoraip, agus saothróidh an réimse flúirseach seo, nach raibh an-bhisiúil go dtí seo, ach é a bhainistiú i gceart, an toradh is luachmhaire dá bhfuil ann."
In iarracht feabhas a chur ar chaighdeán agus ar bhainistiú cuid mhaith de thearmainn na ngealt a bhí scaipthe ar fud na hÉireann, thug an t-údar cuairt ar sheacht gcinn d'institiúidí i mBéal Feirste, Doire, Ard Mhacha, Béal Átha na Sluaighe, Luimneach, Maryborough agus Ceatharlach agus d'fhoilsigh sé an paimfléad seo agus é dóchasach go gcuirfeadh a chuid breathnóireachtaí agus a chuid moltaí feabhas ar a raibh le feiceáil aige i ngach ceann díobh.
Toisc go raibh na tearmainn seo oscailte go ginearálta le haghaidh daoine a bhí beo bocht, bhí rudaí áirithe, cosúil le clárú dóthanach ar stair iomlán leighis an duine, an-ghann go deo. Scríobh an t-údar tábla molta a bheadh le líonadh isteach agus le nuashonrú go bliantúil agus ráiteas maidir le cóireáil agus an toradh in éineacht leis. Is cosúil gur mar sin a bhí an scéal i ngach tearmann contae i Sasana, faoi chomhfhreagracht agus comhchúram an dochtúra agus an phríomhoifigigh chónaithe (nach mór gur fhear leighis é) agus "thabharfaí sonraí as a bhféadfaí modhanna cleachtais nua agus feabhsaithe a bhaint."
Luadh go sainráite sna hAchtanna go gcuirfí 'gealta' uile na hÉireann isteach sna hospidéil sin, ach fós, ba mhinic tuairiscí inar luadh go raibh tearmainn áirithe, cosúil leis na cinn i mBéal Feirste agus i Luimneach, ceaptha le haghaidh cásanna a d'fhéadfaí 'a leigheas' agus iad sin amháin. Dílsíodh rogha, áfach, d’Fhear Ionaid an Rí trí bhíthin 5, 1, 2 Geo. IV. C. 33.
Dar le cuid mhaith daoine sa ghairm leighis ag an am, nach raibh sna tearmainn seo ach áiteanna chun cóiríocht a thabhairt do na 'gealta' seachas cóireáil a chur orthu nó iarracht a dhéanamh a gcuid riochtaí meabhrach a thuiscint.
"Mar thoradh air sin, ní théann bliain thart nach dtugtar cás míchlúiteach éigin os comhair an phobail ar bhealach a léiríonn drochmheas ar na húdaráis leighis chontráilte, agus tá cásanna de ghéibheann míthuisceanach agus mínáireach othar sách coitianta freisin. Agus ó thaobh na faillí sin atáthar a dhéanamh ar an ábhar iomlán caithfimid a rá go bhfuil áiseanna chomh gann is nach bhfuil ach fíorbheagán cur amach againn ar riocht na hinchinne sna cineálacha éagsúla gealtachta, agus go bhfuil paiteolaíocht na gealtachta chomh héiginnte agus neamhiomlán, is gur cóireáil thriallach a fhaigheann na hothair go ginearálta. Is beag más dada a chuidigh ár n-institiúidí gealt níos mó a chur cur lenár gcuid eolais. Nuair a bheidh na bunaíochtaí poiblí, mar ba cheart dóibh a bheith faoi rialacháin chearta, ina scoileanna teagaisc, gheobhaimid amach cé chomh mór is a bheimid in ann ár gcleachtas sna neamhoird anacracha seo a fheabhsú".
Ón mBailiúchán Leabhráin ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, DCT013005
- An coimisiún um fhiosrúchán ar ghealtacht 1879
-
An Coimisiún um Fhiosrúchán ar Ghealtacht (Éire) 1879, Athbhreithniú ar an Tuarascáil agus Fianaise
Sonra ón tuarascáil
Nuair a thug an tUasal Gladstone isteach an Irish Church Bill in 1869, rinne sé tagairt don easnamh as cuimse faoinar fheidhmigh Éire ó thaobh cothabháil cheart a dhéanamh ar cuid mhór de na daoine a bhí as a meabhair. I bhfad roimhe sin, áfach, ba mhinic aird an Rialtais á tarraingt ar neamhiomláine ár gcóiríochta tearmann, agus ar riocht uafásach na ngealt tríd is tríd. Bhí scrúdú déanta ag coimisiúin éagsúla ar an gceist agus tuairisc déanta acu air, ach níor lean aon reachtaíocht as a gcuid iarrachtaí, agus níor tháinig aon torthaí astu.
Bhíodh tuarascálacha sean-choimisiúin, a luaigh na coimisinéirí nua uaireanta ar mhaithe le comparáid a dhéanamh, agus uaireanta luafaí sliocht astu chun béim a chur ar thátail a bhain na coimisinéirí sin as an gcás trí imscrúdú neamhspleách. Tá sonraí i gcuid mhaith de na paimfléid ó Bhailiúchán Leabhráin Chaisleán Bhaile Átha Cliath de na himscrúduithe neamhspleácha sin a rinne roinnt dochtúirí meabhairshláinte, ag an am, trí iarracht a dhéanamh reachtaíocht a thabhairt isteach chun cóireáil níos fearr a chur ar na hothair in Éirinn trí aird a tharraingt ar chásanna áirithe cóireála a tugadh do na hothair sin roimh na Lunatic Asylums Acts agus ina dhiaidh sin. Déanann go leor daoine comparáid eatarthu freisin leis an mbainistíocht ar Thearmainn na nGealt i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
Tá cuntas sa phaimfléad seo de chás faillí ar fhear óg ar cuireadh iallach air fanacht i ngéibheann ina theach féin; fuarthas an tuairisc ó thurasóir a bhí ar cuairt in Éirinn. Leag an t-údar amach cuairt a thabhairt ar thuilleadh de na cásanna truamhéalacha sin i gceantair dhifriúla den tír agus tá cuntas ar roinnt de na cásanna sin sa phaimfléad seo. Cuireadh an fear óg sin isteach i dtearmann dúiche níos déanaí.
Líon na n-othar i dtearmainn dúiche in Éirinn ag deireadh na bliana 1877: 8,183 (trí 27ú Tuarascáil na gCigirí). Daoine a ceapadh go raibh leigheas i ndán dóibh (inleigheasta): 1,991. Daoine a ceapadh nach raibh aon leigheas i ndán dóibh (doleigheasta): 6,272. As na daoine a ceapadh nach raibh aon leigheas i ndán dóibh, féadfar 1,360 a chur chuig na tearmainn chúnta a bhí ceangailte le tithe na mbocht. Tharla sé sin seans mar gheall go raibh na tearmainn in Éirinn á rith i bhfad níos saoire ná mar a bhí i Sasana.
Áirítear leis freisin staitisticí in aghaidh an ospidéil sa tír maidir le hothair 'inleigheasta' agus 'doleigheasta' a choimeád, ar réimse mór díospóireachta agus cainte é sna paimfléid go léir a phléann le ceist na seirbhísí meabhairshláinte sa 19ú haois i mBailiúchán Leabhráin Chaisleán Bhaile Átha Cliath.
Ón mBailiúchán Leabhráin ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, DCT151007
Nuashonraithe go deireanach: 5 Márta 2020