A chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh as cuireadh a thabhairt dom labhairt libh faoin nGaeilge i mo cheantar féin. Tá mé ag dul a labhairt faoin nGaeilge i nGaoth Dóbhair ach tá an méid atá le rá agam fíor faoi gach uile áit sa tír. Ní haon saineolaí teanga mé ach creidim go bhfuil go leor cloiste agaibh ó na saineolaithe le tamall anuas, agus tuairisc Choimisiún na Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla a bheith idir lámha agaibh le tamall.
Rugadh agus tógadh mé i nGaoth Dóbhair. Chuaigh mé ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath, áit a bhain mé amach céim i margaíocht, i bhFraincis agus i nGearmáinis. D'oibrigh mé sa Fhrainc agus i Meiriceá ar feadh seacht mbliana, tháinig mé ar ais ansin agus d'oibrigh mé ar feadh sé bliana i nGaeltacht Chonamara in dtionscail na teilifíse. Le sé mhí anuas tá mé fillte ar ais ar fhód an dúchais, ar Ghaoth Dóbhair, áit a bhfuil mé fostaithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar fheidhmeannach cumarsáide. Mar sin, tá taithí agam ar chónaí ins an nGaeltacht ach ag an am gcéana chaith mé seal maith thar lear, áit a fuair mé taithí ar theangacha agus ar chultúir eile.
Céard é stádas na Gaeilge i nGaoth Dóbhair faoi láthair? Is léir go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar go fóill má amharcaimid ar na figiúirí. Sa bhliain 1999-2000 fuair beagnach 80% de na teaghlaigh i nGaoth Dóbhair an deontas iomlán faoi scéim labhairt na Gaeilge. Má chuirtear sin i gcomparáid le Gaeltacht atá lag, cosúl leis an Chlochán Liath áit nach bhfuair ach 2% de na teaghlaigh an deontas, taispeántar go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar go fóill i nGaoth Dóbhair inniu. Ag an am gcéanna, is cinnte a rá go bhfuil críocha na fíor Gaeltachta i nDún na nGall ag laghdú an t-am ar fad. Ó mo thaithí phearsanta féin de, tá meath mór tagtha ar labhairt na Gaeilge i mo cheantar féin, go háirithe i measc an ghlúin óig.
Céard is féidir a dhéanamh faoi seo? Is é an rud is soiléire domsa go bhfuil easpa polasaí deimhneach, soiléir i dtaca leis an nGaeilge agus i dtaca leis an nGaeltacht sa tír. Mar a dúirt an Teachta O'Shea, caithfidh na daoine féin, taobh istigh agus taobh amuigh den nGaeltacht, seilbh a ghlachadh ar an teanga agus freagracht a ghlacadh as a bhuanadh. Ach, ag deireadh an lae tá an freagracht ar an Stát an cheannasaíocht a thabhairt agus polasaí deimhneach agus soiléir a sholáthar. I gcás phlean oibre de chineál ar bith caithfidh polasaí soiléir a bheith ann agus spriocanna inbhainte amach a bheith ann ionas go dtuigfidh gach uile dhuine atá páirteach sa chóras nó atá ag iarraidh a bheith páirteach sa chóras cad iad na spriocanna atá ann agus ionas go n-úsáidfidh siad na hachmhainní atá acu chun an leas is fearr a fháil astu.
Cén polasaí atá ann faoi láthair? Dúirt an t-Aire Ó Cuív agus é i láthair ag an gcoiste seo ar 9 Feabhra gurb í an aidhm a bhí aige ná go mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar rogh-theanga ag Éireannaigh eatarthu féin ach go mbeadh Béarla líofa ag gach uile dhuine ag an am gcéanna chomh maith le bun-eolas ar theangacha Eorpacha eile cosúil le Fraincis, Spáinnis nó Gearmáinis. An é sin an polasaí atá ag an Rialtas? Más ea, cá bhfuil an plean agus cá bhfuil na spriocanna chun an aidhm sin a bhaint amach? Ba chóir don nGaeltacht a bheith mar chuid lárnach do aon pholasaí nó plean teanga Rialtais mar, ag deireadh an lae, ní féidir le haon teanga marachtáil gan pobal beo cainteoirí ins a teanga sin a bheith ann.
Céard a bha chóir a bheith ins an plean teanga? Tá trí phríomh rud a gcaithfimid spriocanna soiléire a leagan amach dóibh. Is é an chéad rud an t-oideachas agus an oiliúint i dtaca leis an bpróiséis uilig ó chúram leanaí, réamhscolaíocht, bunscolaíocht, meánscolaíocht agus ollscolaíocht tré mheán na Gaeilge a bheith le fáil. Céard iad na spriocanna a ba chóir a bheith againn agus ag an Stát? Cén oiliúint atá á dhéanamh ar phobal na Gaeltachta iad féin? Mar shampla, an bhfuil pobal na Gaeltachta ag fáil oiliúint tré mheán na Gaeilge ins na tionscail nua-aimseartha cosúl le teicneolaíocht an eolais?
An dara rud ar chóir a bheith sa phlean ná spriocanna chun go mbeadh seirbhísi poiblí agus príobháideacha sa Ghaeltacht ar fáil tré mheán na Gaeilge. Ghlac Coimisiún na Gaeltachta leis i 1926, mar shainmhíniú ar Ghaeltacht, go raibh ceantair sa Ghaeltacht má bhí 80% de mhuintir an cheantair ina nGaeilgeoirí. Sílim féin nach sainmhiniú maith sin don dóigh ina bhfuilimid inniu. Seo sainmhíniú eile a tháinig aníos ag cruinniú poiblí de chuid Choimisiún na Gaeltachta:
Is áit í an Ghaeltacht gur féidir le duine a shaol phríobháideach agus a shaol phoiblí a reachtáil tré Ghaeilge.
Cinnte, tá sé tábhachtach go nglacfadh na daoine iad féin seilbh ar an teanga agus go dtógfaidís orthu féin í a labhairt mar is iad na daoine iad féin a chothaíonn an Ghaeltacht. Tá cuid mhór ag oideachas le déanamh le seo agus le meoin na ndaoine. Ach ag deireadh an lae tá ról lárnach ag an dúlra a bhfásann daoine suas ann, cé acu istigh sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den nGaeltacht atá sé. Má tá gach uile rud oifigiúil á dhéanamh tré mheán an Bhéarla agus muna bhfuil na daoine a bhfuil cumhacht agus tionchar acu, is é sin le rá na role models, ins an phobal sásta an Ghaeilge nó ábalta an Ghaeilge a labhairt, cén meas a bhéas ag an bpobal i gcoitinne ar an nGaeilge?
Ó thaobh an bhunoideachais agus an chléir de, is cinnte go bhfuil polasaí dearfa á chur i gcrích sa Ghaeltacht agus chuidigh sin go mór le caomhnú na teanga ó bunaíodh an Stát. Ach i dtaobh eagrais Stáit eile, cosúil leis na comhairlí contaetha agus an Garda Síochána, agus ó thaobh eagrais príobháideacha cosúil leis na bancanna, comhluchtaí fón agus mar sin de, tá faillí mhór déanta ar phobal na Gaeltachta. Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla chun freastail ar chuid den fhaillí seo ach, de réir mar a thuigim, níl aon rud deimhneach ann faoi láthair faoin earnáil phríobháideach. Tá sé tábhachtach go mbeadh duine atá ina chónaí sa Ghaeltacht in ann siúl isteach i mbanc, i siopa, in óstán nó i mbialann agus a bheith cinnte go bhfaigheadh sé seirbhís tré Ghaeilge. Mar a dúirt mé, "Is áit í an Ghaeltacht gur féidir le duine a shaol phríobháideach agus a shaol phoiblí a reachtáil tré Ghaeilge". Caithfimid an seans sin a thabhairt do dhaoine, má tá siad chun cónaí san nGaeltacht, go mbeadh an ócáid sin acu an Ghaeilge a úsáid a ó lá go lá.
An tríú rud a ba chóir a bheith sa phlean ná plean fostaíochta don nGaeltacht. I mo cheantair féin, i nGaoth Dóbhair, tá na céadta postanna caillte i dtionscail déantúsaíochta le bliain anuas. D'éirigh go maith leis an bpolasaí a bhí ag Údarás na Gaeltachta chun tionscail a mhealladh isteach suas go dtí seo. Ní raibh aon imirce, mar shampla, as an cheantar le tamall anuas agus chuidigh na postanna traidisiúnta sna monarchana seo le teaghlaigh fanacht sa Ghaeltacht agus a gclann a thógáil ansin. Ag an am chéana is fíor gur tharraing cuid mhaith de na forbairtí seo cuid mhór de chultúr an Bhéarlachais isteach sa cheantair mar nach raibh riachtanais teanga nó aon bhéim ar ról na teanga ins na tionscail. Formhór den bhainistíocht a bhí sna monarchana seo - arís, na role models - ní raibh aon Ghaeilge acu. Fadhbh eile a bhí leis na monarchana seo ná go raibh formhór na bpostanna a bhí ar fáil iontu ar chaighdeán íseal scileanna agus oiliúna, rud a chiallaigh go raibh ar na daoine óga a raibh caighdeán árd oideachais acu an Ghaeltacht a fhágáil le fostaíocht a fháil.
De thairbhe seo agus de thairbhe an chúlú eacnamaíochta mór atá tagtha ar an dtionscal déantúsaíochta in iarthar na hEorpa go ginearálta, is cinnte go gcaithfear díriú isteach ar fhorbairt don nGaeltacht atá eolas-bunaithe agus teanga-lárnaithe. Samplaí de seo ná teicneolaíocht an eolais, cumarsáid na Gaeilge, tionscal na teanga é féin, an geilleagar sóisialta, turasóireacht chultúrtha, siamsaíocht agus ealaín. Is cinnte go raibh níos mó den chineál sin forbartha i nGaeltacht Chonamara le blianta anuas ná mar a bhí i nGaeltacht Ghaoth Dóbhair agus go bhfuil Gaeltacht Chonamara i bhfad níos láidre inniu de thairbhe na forbartha sin. Samplaí de seo ná go raibh ceannárais Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, TG4 agus Raidió na Gaeltachta lonnaithe i gConamara. Chomh maith leis sin bhí campais ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna, bhí oifigí ag Foinse ar an gCeathrú Rua agus bhí cuid mhór comhlachtaí léiriúchán teilifíse neamhspleácha a bhí ag brath ar TG4, cosúil le Ros na Rún agus Telegael, lonnaithe i gConamara. Sin cuid mhór postanna atá teanga-lárnaithe agus ina bhfuil daoine le sár-oiliúint feidhmeach. Tá a leithéid sin, is é sin postanna atá a brath ar an teanga, ag teastáil ó Ghaoth Dóbhair agus ó na Gaeltachtaí eile fosta leis an teanga a láidriú. Sampla de fhorbairt atá ag teacht aníos ná oifig choimisinéir na dteangacha oifigiúil. Sílim gur chóir an oifig sin a bheith lonnaithe san nGaeltacht.
Réimse amháin ina raibh Gaoth Dóbhair ar chomhchéim le Conamara ná i dtéarmaí infrastruchtúir, ar nós bóithre agus ceangail telecumarsáide. Bhí cúrsaí díreach chomh holc i nGaoth Dóbhair agus mar a bhí siad ins na Gaeltachtaí eile. Cuirim fáilte roimh an chóras leathanbhanda a bhéas ag teacht go Gaoth Dóbhair ach tá gá fós le infeistíocht ins na bóithre agus ins an infrastruchtúr leictreachais.
Caithfidh an Rialtas soiléiriú a dhéanamh agus, mar adúirt an Teachta O'Shea, b'fhéidir go bhfuil díospóireacht ag teastál chun teacht ar an soiléiriú sin. Cén polasí atá ag an Rialtas i leith na Gaeilge agus i leith na Gaeltachta? Níl sé soiléir. Caithfear ansin, plean teanga a chur le chéile leis an bpolasaí seo a chur i gcrích, le spriocanna inbhainte amach ins na réimsí seo a leanas: oideachas; soláthar seirbhísí; agus fostaíocht teanga-lárnaithe. Is áit í an Ghaeltacht gur féidir le duine a shaol phríobháideach agus a shaol phoiblí a reachtáil tré Ghaeilge.