Seo a leanas an liosta bailte - Gaeltachta agus neamh-Ghaeltachta - a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta 2012. Is figiúirí an daonáireamh is déanaí atá á n-úsáid sa léárgas mar atá le fáil ó shuíomh gréasáin an Phrímh-oifig Staidrimh.
Baile Seirbhíse Gaeltachta
|
Daonra
|
Leitir Ceanainn
|
22,549
|
An Clochán Liath
|
1,247
|
Baile Dhún na nGall
|
2,749
|
Béal an Mhuirthead
|
1,042
|
Baile an Róba
|
3,148
|
Caisleán an Bharraigh
|
13,054
|
Cathair na Gaillimhe
|
85,910
|
An Clochán
|
1,259
|
Daingean Uí Chúis
|
1,671
|
Trá Lí
|
26,079
|
Cathair Saidhbhín
|
1,297
|
Cathair Chorcaí
|
222,526
|
Maigh Chromtha
|
4,096
|
Dún Garbhán
|
10,081
|
Baile Átha Buí
|
2,596
|
An Uaimh
|
33,886
|
Tá trí bhaile eile sa Ghaeltacht le daonra ós cionn 1,000 duine nach bhfuil áitheanta mar Bhailte Seirbhísí Gaeltachta agus is iad sin; Maigh Cuilinn a bhfuil daonra de 2,279 ann, Bearna bhfuil daonra de 2,336 ann, agus Baile Chláir na Gaillimhe bhfuil daonra de 1,632 ann.
Is tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an ábhar seo i samhradh 2014 a cuireadh an liosta bailte i dtoll a chéile mar aon leis na critéir a bhaineann le baile a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir:
• don bhaile a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;
• daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith sa mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí;
• ról suntasach a bheith á imirt ag an mbaile maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus
• tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt, dá réir, ag an mbaile ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.
Tá sráidbhaile na Ceathrú Rua lonnaithe sa Limistéar Pleanála Teanga An Cheathrú Rua agus, trí Údarás na Gaeltacta, cuireann mo Roinn tacaíocht agus maoiniú de €120,000 in aghaidh na bliana ar fáil chun plean teanga an Limistéara a fheidhmiú.
Níl aon phleananna ag mo Roinn leasú a dhéanamh ar an Acht chun an bundaonra a laghdú ionas go bhféadfaí bailte ar nós na Ceathrún Rua a ainmniú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Chuir oifigigh mo Roinne é sin in iúl d'iondaithe ó phobal na Ceathrú Rua ag cruinniú a bhí acu leo le déanaí.