Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarastail

Íoctar buntuarastal le Teachtaí Dála ó dháta an toghcháin, ar choinníoll go síneoidh an Teachta Rolla Chomhaltaí Dháil Éireann laistigh de 30 lá ón toghchán. Ar an gcaoi chéanna, íoctar buntuarastal le Seanadóirí ón dáta a toghadh chuig an Seanad iad, an dáta sin san áireamh. Is ó dháta a n-ainmniúcháin a íoctar na comhaltaí sin den Seanad a n-ainmníonn an Taoiseach iad. Tá tuarastail faoi réir cánach, ÁSPC, an mhuirir shóisialta uilíoch, tobhach pinsin agus ranníocaíochtaí pinsin.

Tá na rátaí seo i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 i leith. D’fhéadfaí nár iarr baill nó sealbhóirí oifige tuarastal nó liúntais; níor cheart go nglacfaí leis gur íocadh na méideanna ar fad thíos.

Ról

Buntuarastal

Liúntas breise tuarastail

TD €111,439 --
Seanadóir €78,046 --
An Ceann Comhairle €111,439 €139,040
An Leas-Cheann Comhairle €111,439 €60,672
An Cathaoirleach €78,046 €54,785
An Leas-Chathaoirleach €78,046 €31,153
Treoraí an tSeanaid €78,046 €25,225
Leas-Cheannaire an tSeanaid €78,046 €11,563

 

Liúntais do shealbhóirí oifigí aire

Íoctar liúntais tuarastail breise leis an Taoiseach, leis an Tánaiste, leis na hairí rialtais agus na hairí stáit. Is í an Roinn aonair a sanntar an tAire di a íocann na liúntais sin.

 

Liúntais le haghaidh poist shonraithe

Tá liúntas breise tuarastail ag gabháil le poist shonraithe áirithe laistigh de Thithe an Oireachtais freisin. Tá na liúntais tuarastail sin faoi réir cánach, ÁSPC, an mhuirir shóisialta uilíoch, tobhach pinsin agus ranníocaíochtaí pinsin freisin.

Post i nDáil Éireann

Liúntas breise tuarastail

Aoire Cúnta an Rialtais €16,852
Aoire Pháirtí Fhianna Fáil €11,223
Aoire Pháirtí Fhine Gael €11,223
Aoire an Chomhaontais Ghlais €6,740
Aoire Pháirtí Shinn Féin €21,344
Aoire Pháirtí na Dlúthpháirtíochta/an Chomhaontais Pobal roimh Bhrabús €6,740
Aoire Pháirtí an Lucht Oibre €6,740
Aoire Pháirtí na nDaonlathaithe Sóisialta €6,740
Aoire Cúnta Pháirtí Fhianna Fáil €5,618
Aoire Cúnta Pháirtí Fhine Gael €5,618
Aoire Cúnta an Chomhaontais Ghlais €3,371
Aoire Cúnta Pháirtí Shinn Féin €10,673

 

Post i Seanad Éireann

Liúntas breise tuarastail

Aoire an Rialtais €6,740
Aoire Cúnta an Rialtais €4,493
Ceannaire an Ghrúpa Neamhspleách €6,740
Ceannaire Ghrúpa Shinn Féin €6,740
Ceannaire Ghrúpa na Rannpháirtíochta Sibhialta €6,740
Ceannaire Ghrúpa an Lucht Oibre €6,740
Aoire an Ghrúpa Neamhspleách €4,493
Aoire Ghrúpa Shinn Féin €4,493
Aoire Ghrúpa na Rannpháirtíochta Sibhialta €4,493
Aoire Ghrúpa an Lucht Oibre €4,493

 

Eile

Liúntas breise tuarastail

Cathaoirleach Coiste (TD) €10,673
Cathaoirleach Coiste (Seanadóir) €10,673
Comhaltaí Coimisiúin (TD) €10,673
Comhaltaí Coimisiúin (Seanadóir) €10,673
Cathaoirleach an Choiste um Leasanna Comhaltaí de Sheanad Éireann €3,483

I gcás ina bhfuil Comhalta ina Chathaoirleach nó ina Cathaoirleach ar níos mó ná Coiste amháin, níl an té sin i dteideal ach liúntas amháin a fháil. I gcásanna áirithe, tharscaoil comhaltaí liúntais áirithe a fháil agus, dá bharr sin, níor cheart a ghlacadh leis go n-íoctar na liúntais thuasluaite go léir.

Nuashonraithe go deireanach: 29 Aibreán 2024

Barr
Roinn