25 Beal 2021, 13:37
Pléifidh an Comhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) leis an Tánaiste agus an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta i gcruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé Céadaoin, an 26 Bealtaine.
Tiocfaidh an tAire os comhair an Choiste go fíorúil ag a 9.30am. Tá an cruinniú sin ar an gceathrú ceann de shraith cruinnithe don Choiste chun margadh trádála CETA a scrúdú.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Joe McHugh, T.D.: “Cuireann an Coiste fáilte mhór roimh an bplé seo leis an Tánaiste chun CETA a phlé. Tá an Coiste ag súil go mór le tuairimí an Aire maidir le gach gné a bhaineann leis an margadh a chloisteáil, lena n-áirítear an Córas Cúirteanna Infheisteoirí (ICS) atá beartaithe, na costais agus na buntáistí a bhí ann d’Éirinn mar thoradh ar an margadh go dtí seo agus buntáistí réamh-mheasta an chomhaontaithe a bheidh ann don gheilleagar amach anseo.”
Is éard is CETA an margadh trádála atá beartaithe idir an tAE agus Ceanada. Bhí feidhm leis go sealadach ó Mheán Fómhair 2017 ach níor ghlac Éire leis go foirmiúil go dtí seo.
Amharc ar an gcruinniú, i Seomra Coiste 4, beo.
Comhaltas coiste
Teachtaí