Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Sep 1923

Vol. 5 No. 3

QUESTIONS ON THE ADJOURNMENT. - ELECTION OF LEAS-CHEANN COMHAIRLE.

Cuirim os cómhair na Dála go dtóghfar Pádraic O Máille mar Leas-Cheann Comhairle. Fear maicánta, deagh-mhúinte iseadh Teachta O Máille agus bhíomar go léir lán-tsásta leis fad a bhí sé mar Leas-Cheann Comhairle againn. Bhi aithmhéula orainn nach rabh sé in-ánn cuidiú leis an gCeann Comhairle mar bá choir ar feadh i bhfád acht tá áhas orainn anois go bhfuil sé co-láidir, slán 's a bhi sé ariamh agus go m-beidh sé abalta feasta cabhair mór a thabhairt don Cheann Comhairle, Cuirim an rún ós bhur g-comhair.

With very great pleasure, I second the proposal of the Minister for Fisheries, that Deputy Padraic O'Maille be our Leas-Cheann Comhairle. It needs no words of mine to commend Deputy O'Maille to the Dáil. His good qualities are as great and conspicuous as his stature. We all know his geniality, his humanity and, what is essential in one who will occupy your Chair, sir, impartiality. It is with a special pleasure that I second the proposal.

Question put and agreed to.

A Chinn Comhairle agus a co-Theachtai, táim an-bhuideach díbh mar gheall gur toghadh mé mar Leas-Cheann Comhairle; geallaim dibh go n-déunfad mo bhicheall chun an obair a dheunamh mar ba chóir agus go d-tabharfad cóthrom agus ceart do gach duine ins na diosbóireachtai a bheas againn annseo. Déunfad sin co fáda agus atáim agaibh mar Leas-Cheann Comhairle.

A Chinn Chomhairle and fellow Deputies, I am extremely grateful to you for having selected me as Leas-Cheann Comhairle, and I promise to do my best to carry out the duties of that office. When I am presiding over the Dáil, I shall endeavour to see that every Deputy who wishes to take part in the debate shall get fair play. I wish again to thank the Deputies most sincerely.

Top
Share