Tairgim:—
Go ndaingnítear Scéim Aois-Liúntais na Meán-Mhúinteoirí (Leasú), 1942, do rinne an tAire Oideachais le toiliú an Aire Airgeadais fé Acht Aois-Liúntais na Múinteoirí, 1928 (Uimh. 32 de 1928).
That the Secondary Teachers' Superannuation (Amendment) Scheme, 1942, made by the Minister for Education with the consent of the Minister for Finance under the Teachers' Superannuation Act, 1928 (No. 32 of 1928), be confirmed.
Is é is príomh-chúis don scéim leasuighthe seo deireadh do chur le leath-trom d'fhéadfaí do dhéanamh ar mhúinteoir ar bith, tré oibriú Mhír 9 den Phríomh-Scéim — leath-trom do thárla cheana féin do dhá mhúinteoir ar a laighead. Faoi théarmaí na míre sin, má chailleann múinteoir a phosta tré ádhbhar ar bith agus, tríd sin, é do stad de bheith ina bhall den Scéim Pinsean, níl sé ion-ghlactha ath-uair sa Scéim, má tá sé ós cionn 50 bliadhan d'aois agus má tá níos mó ná dhá bhliadhain caithte ó stad sé de bheith ina bhall. Os a chomhair sin, má tá a leithéid de mhúinteoir faoi 50 bliadhain d'aois, d'fhéadfaí a ghlacadh isteach sa Scéim ath-uair, mura mbeadh níos mó ná .10 mbliadhna caithte ó stad sé de bheith ina bhall. Le n-a rádh i bhfocla eile, do ceadóchthaí bearna, nach mbeadh ós cionn deich mbliadhan, do bheith i seirbhís mhúinteoirí faoi 50 bliadhain d'aois, ach ní ceadóchthaí ach dhá bhliadhain de bhearna do bheith i seirbhís mhúinteóir í ós cionn 50 bliadhan d'aois. Do cuireadh an coingheall seo isteach sa bhun-scéim ionnas nach leigfí isteach ath-uair sa seirbhís múinteoirí meadhon-aosta do bhéadh tamall fada as an seirbhís agus ar dhócha a n-éifeacht do bheith laghaduighthe dá bhárr sin. Do measadh, freisin, go mb'fhéidir posta eile do bheith le fagháil taobh istigh de dhá bhliadhain ag múinteóir ar bith do chaillfeadh an posta do bhí aige.
Acht, le linn oibriú na Scéime, do fuarthas amach go ndéanann an coingheall seo leath-trom ar na sean-mhúinteóirí, óir do thárla nach dtáinig le cuid aca sin postaí nuadha d'fhagháil taobh istigh den spás ama do bhí orduighthe. An leasú atáthar anois ag iarraidh a dhéanamh ar Mhír 9, d'athróchadh sé teóra na bearna seirbhíse ó 2 bhliadhain go dtí 10 mbliadhna, agus dá réir sin, d'fhágfadh sé múinteóirí do bheadh ós cionn 50 bliadhan d'aois ar aon-téarma leis na múinteóirí is óige. Mar atá baint ag coingheallacha na scéime seo leis na sean-scéimeanna, ní misde míniú gearr do thabhairt ar na míora éagsamhla, ionnas gur fusaide tuigfear a geuspóir. Míora I—IV, níl ionnta ach na gnáth-choingheallacha maidir le teideal na scéime agus leis na mínighthe.
Mír V, ghní sí roinnt leasuighthe ar an mbun-scéim, agus atá siad sin luaidhte sa Sceideal. An ceann is mó tábhacht aca sin, is é an leasú úd atáthar a dhéanamh i Mír IX é, .i. spás deich mbliadhan do bheith dhá chur isteach i n-ionad spás 2 bhliadhan maidir le bearna seirbhíse i gcás múinteóirí ós cionn 50 bliadhan d'aois. Na leasuighthe eile atá luaidhte sa Sceideal, atáthar ghá ndéanamh ionnas go n-aistreóchthar an Aire Airgeadais go dtí an tAire Oideachais, cúram riaracháin an chiste pinsean agus neithe eile bhaineas le hoibriú na scéime.
Ach maidir leis na neithe is mó tábhacht bhaineas le moladh pinscan, tá an smacht dhá fhágáil ag an Aire Airgid mar do bhí sé.
Mír VI, is é is cuspoir di deireadh do chur le hádhbhar beag gearáin do thárla ann i gcás beagáin múinteóirí. B'fhéidir nár mhisde dhom a mhíniú nach éigeantach do mhúinteóirí bheith ina mball de'n Scéim, gur tré n-a n-iarratas féin leigtear isteach iad, agus go gcaithtear fiadhnaise áirithe fé n-a sláinte, etc., d'fhagháil uatha sul a leigtear isteach iad. I gcás gnáth-mhúinteóirí Meadhon-Scol a leigtear isteach, do socruigheadh go bhféadfaí a seirbhís in-phinseanta d'áireamh ó dháta nach mbéadh os cionn 15 míosa roimh dháta a n-iarratais chun ballraíochta—ar choingheall gur híocadh a síntiús do'n Chisde Pinsean le haghaidh na tréimhse sin. I mbliadhain a 1935 do rinneadh Scéim Leasuighthe do bhain le cás Mhúinteóirí Meadhon-Scol a raibh seirbhís in-phinseanta déanta aca roimh ré mar Mhúinteóirí Náisiúnta. Ba riachtanach do na múinteóirí seo a ughdarú, taobh istigh de dhá mhí dhéag ó na-a leigint isteach sa Scéim, go n-aistreóchthaí a síntiús pinsin go dtí Cisde Pinsean Mhúinteóirí na Meadhon-Scol. Do thárla dá bhárr sin, gidh nár chuspóir é, nár bh'fhéidir níos mó ná 12 mhí de spás ama do bheith idir dáta a leigint isteach sa Scéim agus dáta a n-iarratais chun a leigint isteach. Mar sin de, do bhí sé de leath-trom ortha sin nach raibh ach 12 mhí de spás aca-san, gidh go raibh 15 míosa ag múinteóirí eile. Táthar ag iarraidh deireadh do chur leis an éagcothromacht sin agus na múinteóirí go leir do chur ar aon-dul sa scéal—rud a dhéanfadh an leasú atáthar a dhéanamh ar Mhír 5 de Scéim 1935.
Mír VII, is é cuspóir di ughdarás d'fhagháil maidir le húsáid na síntiús do'n Chisde Pinsean do bhí íoctha ag Múinteóirí Meadhon-Scol do ceapadh ina gcigirí agus ar ceaduigheadh dóibh a seirbhís mhúinteóireachta d'áireamh mar stát-sheirbhís bhunuighthe le haghaidh pinsean. I mbliadhain a 1929, nuair do rinneadh Scéim Pinsean na Múinteóirí Meadhon-Scol, ní raibh ughdarás dleaghthach ar bith ann le seirbhís mhúinteóireachta d'áireamh le n-a aghaidh seo mar stát-sheirbhís, agus do rinneadh riaghail do chuirfeadh i gcumas cigirí mar iad siúd a mballríocht sa Scéim do choinneáil, ionnas go bhféadfaidís pinsean moillighthe do tharraingt tar éis a n-éirghe as an stát-sheirbhís. Ina dhiaidh sin do socruigheadh, i n-Alt 21 de Scéim Pinsean 1936, go bhféadfaí—faoi choingheallacha áirithe—seirbhís mhúinteóireachta d'áireamh mar stát-sheirbhís, agus atá úsáid dhá dhéanamh de'n tsocrú sin ag cigirí áirithe do bhíodh ina múinteóirí. Do réir na gcoingheall faoi n-ar ceaduigheadh sin dóibh, do chaithfidís na síntiúis do bhí íoctha aca le Cisde Pinsean na Meadhon-Mhúinteóirí d'aistriú chuig an Aire Airgeadais, agus is é is cuspóir do'n mhír seo an t-aistriú sin do dhéanamh dleaghthach.
Mír VIII, is é is cuspóir dí gan an tréimhse chéadna ama do leigint dá háireamh le haghaidh pinsin mhúinteóireachta agus pinsin mhíleadhta, agus, freisin, chun socrú do dhéanamh le haghaidh cáis ar bith ina mbéadh in dá chineál sin pinsean saothruighthe ag múinteóir.
Is dóigh liom go mínigheann an ráiteas seo agam gach nidh dá bhfuil sa scéim leasuighthe, agus táim ag súil go nglacfar léi go lán-toilteannach.