Tairgim go léifear an Bille an dara huair anois. Is Bille é seo a bhaineas le cúrsaí Consalachta i gcoitinne ach tá sé ag teastáil, sa chéad áit, chun críche áirithe. Teastaíonn sé uainn chun cumhacht a thabhairt don Rialtas a chomhairliú don Uachtarán an Coinbhinsiún Consalachta a rinneamar le Stáit Aontaithe Mheirice, a dhaingniú. Do síníodh an Coinbhinsiún seo chomh fada siar leis an lú Bealtaine, 190.n Is é an gnás ag Rialtas na hÉireandí riamh agus i gcónaí, gan oblagái5, eadarnáisiúnta a ghabháil orthu féin go dtí gur deimhin leo go gcuireann dlí na Éireann ar a gcumas na hoblagáidí sin a chomhlíonadh go héifeachtúil. Chuige sin ní mór scrúdú cúramach a dhéanamh ar dhlí na tíre, mar atá faoi láthair, chun a fháil amach an dtugann sé don Rialtas na cumhachta atá riachtanach. Sa chás áirithe seo, b'éigean féachaint cá mhéid a chuireann an dlí ar ár gcumas díolúintí agus pribhléidí a thabhairt d'oifigigh Chonsallachta, ar aon dul leo siúd a ráthaíonn an Coinbhinsiún sin leis na Stáit Aontaithe.
Faoi Airteagal 29 den Bhunreacht is cuid de dhlí na hÉireann an dlí eadarnáisiúnta; ach comhairliodh dom, cé go bhfuil an dlí agus an gnás eadarnáisiúnta bunaithe go maith maidir le pribhléidíagus díolúintí oifigeach Taidhleoireachta, nach bhfuiltear cinnte cad iad na cearta atá ag oifigigh Chonsalachta chun na bpribhléidí agus na ndíolúintí sin. Ar thaobh amháin, níl aon amhras ann ná gur féidir linn, faoin dlí agus faoin ngnás riaracháin atá i bhfeidhm, mórán, agus b'fhéidir an chuid is mó de na pribhléidí a háirítear sa Choinbhinsiún leis na Stáit Aontaithe a thabhairt d'oifigigh Chonsalachta tíortha eile. Ar an láimh eile, tá pointí tábhachtacha áirithe a bhfuil amhras ina dtaobh. Tá an Bille seo á thabhairt isteach chun deireadh a chur leis an amhras sin agus chun a dheimhniú go bhféadfar na hoblagáidí go léir a ghabhamar orainn a chomhlíonadh go héifeachtúil.
Ach, faoi mar adúirt mé, baineann an Bille, ní hamháin le díolúintí a chur in áirithe d'oifigigh Chonsalachta na Stát Aontaithe, ach d'oifigigh tíortha eile freisin. Tá sé ceaptha leis an mBille cumhacht a thabhairt dúinn téarmaí aon chonartha den tsórt céanna, a dhéanfaimis feasta le haon tír eile, a chomhlíonadh. Bhéarfar díolúintí agus pribhléidí d'oifigigh Chonsalachta tíortha eile a thabharfaidh a gcómalairt dúinne. Is é sin le rá nach dtabharfaidh an Stát, de ghnáth, na pribhléidí agus na díolúintí sin d'ionadaithe Consalachta tíre áirithe mura dtabharfaidh an tír sin a gcothrom de dhíolúintí agus de phribhleídí, sa tír sin, d'oifigigh Chonsalachta na hÉireann. Sin é an prionsabal atá curtha romhainn sa Bhille seo.
Tabharfar faoi deara, faoi chlásal 2 den Bhille, nach mbeidh na pribhléidí a bheirtear d'oifigigh Chonsalachta tíortha eile, sna hailt ina dhiaidh sin, ag dul d'oifigigh Chonsalachta aon tíre, mura mbeidh i bhfeidhm, de thuras na huaire, Ordú ón Rialtas, faoin gclásal sin, ag tabhairt feidhme do na forála sin sa tír sin. Ní dhéanfaidh an Rialtas Ordú den tsórt sin mura rud é, sa chéad dul síos, gur tír Choinbhinsiúin Chonsalachta do réir an Bhille an tír sin, is é sin le rá, tír a bhfuil Coinbhinsiún Consalachta leis i bhfeidhm agus, sa dara dul síos, gur deimhin leis an Rialtas go dtugtar d'oifigigh Chonsalachta na hÉireann sa tír sin cumhachta pribhléidí agus díolúintí mar háirítear sa Bhille seo. Leagfar faoi bhráid Tithe an Oireachtais gach Ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin gclásal seo.
Go dtí seo ní dhearnamar ach aon Choinbhinsiún Consalachta amháin— leis na Stáit Aontaithe. Cuireadh cóipeanna den Choinbhinsiún sin chun na dTeachtaí. Leasaíodh an Coinbhinsiún i 1952 trí Phrótocol, a bhain amach Airteagal 18 den Choinbhinsiún agus d'fhág an scéal mar bhí sé idir an dá thír i gcás na nithe lenar bhain an tairteagal sin. Beidh tuilleadh le rá agam ina thaobh sin ar ball. Cuireadh cóipeanna den Phrótocol chun na dTeachtaí freisin.
Baineann clásail 3 agus 4 den Bhille le cumhachta agus dualgais oifigeach Consalachta maidir le heastáit daoine marbha. Cuirid ar chumas oifigigh Chonsalachta do thír choigríche gníomhú thar ceann náisiúnaigh den tír sin, chun deonadh riaracháin d'fháil nó maoin a ghlacadh. Beartaíodh ar dtúis, leis na clásail sin, éifeacht a thabhairt d'fhorála Airteagail 18 den Choinbhinsiún leis na Stáit Aontaithe. Tá an tairteagal sin scriosta anois, mar a mhínigh mé cheana. Is é cúis a bhí leis sin nach raibh Seanad na Stát Aontaithe sásta an Coinbhinsiún a dhaingniú leis an airteagal sin ann. Mheas an Seanad go mba shárú ar na cearta a bhí ag Stáit an Aontais, faoi Bhunreacht Mheirice, na cumhachta a bhí á dtabhairt d'oifigigh Chonsalachta faoin airteagal sin. Mar sin féin meastar gur maith an rud é clásail 3 agus 4 a choimeád sa Bhille ar dhá chúis. Cúis a haon, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí comhaontú nua le húdaráis na Stát Aontaithe i dtaobh an phointe seo; ach is ceart dom a rá go bhfuil an scéal mar atá iarbhír, agus mar a choinníonn Prótocol 1952 é, sásúil, tríd is tríd, ónar dtaobhna, agus go bhfuil ar chumas ár gConsal sna Stáit Aontaithe, nuair is gá sin, ionadaíocht a dhéanamh go héifeachtúil d'Éireannaigh a bhíonn ag éileamh leasa in eastáit daoine marbha. Cúis a dó, ós rud é gur féidir feidhm a thabhairt don Choinbhinsiún seo maidir le tír ar bith, d'fhéadfadh na forála seo bheith tairbheach i gcás Coinbhinsiúin Chonsalachta a déanfaí le tír éigin eile seachas na Stáit Aontaithe.
Faoi chlásal 5 beidh ar oifigigh Chonsalachta a fheidhmeos na cumhachta a thugann clásail 3 agus 4 dóibh, na díolúintí agus na pribhléidí eile atá acu a ligint uathu i ndáil le feidhmiú na gcumhacht sin. Lena chur i mbeagán focal, má théann siad isteach i gcúirt in Éirinn, ag iarraidh deonadh riaracháin, caithfidh siad géilleadh do dhlínse na cúirte sin.
Forálann clásal 6 nach cead don Gharda Síochána dul isteach i gConsalacht gan toiliú an oifigigh Chonsalachta i gceannas, ach, mura mbíonn seisean sásta nó má bhíonn sé as láthair, féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha toiliú leis an nGarda do dhul ísteach ann. Is léir nach dtoileoidh an tAire ach amháin i gcásanna an-speisialta agus ar chúiseanna troma. Is féidir, áfach, cur isteach ar an díolúine a thugann an mhír seo i gcás éigeandála, cuir i gcás, dá mbeadh amhras ann go ndearnadh coir foréigin nó dá dtarlaíodh tine ann, agus freisin i gcás teideal a bheith ag duine dul isteach ag feidhmiú cirt phríobháidigh, cuir i gcás, nuair a bheadh teideal ag an tiarna talún ar áitreabh Consalachta, a bhí á theachtadh ar léas, dul isteach ag iniúchadh an áitribh. Ní ghabhann an díolúine seo le háitreabh Consalachta mura bhfuil an t-oifigeach Consalachta i gceannas ina náisiúnach den tír darb ionadaí é; mar shampla, ní bheadh an díolúine sin ag gabháil le Consalacht oinigh inar shaoránach Éireannach an Consal. Mheasas go mbeadh sé ceart na pointí eolais sin a lua toisc a thábhachtaí atá an clásal seo.
Ní gá mórán a rá i dtaobh na coda eile den Bhille gearr seo. Tógfaidh mé clásail 7, 8 agus 9 le chéile. Bheir clásail 7 díolúine phearsanta ó dhliteanas, sibhialta agus coiriúil, i leith gníomhartha a dhéanann oifigigh Chonsalachta ina gcáil oifigiúil, agus a dhéanann fostaithe Consalachta i gcúrsa a ndualgais oifigiúil; bheir clásal 8 díolúine do cháipéisí Consalachta; agus forálann clásal 9 nach féidir a chur d'fhiacha ar oifigigh agus fostaithe Consalachta fianaise a thabhairt ar nithe áirithe. Comhairlíodh dom gur dócha nach bhfuil sna clásail sin ach léiriú ar an dlí eadarnáisiúnta, ach measadh go mba mhaith an rud é foráil speisialta a dhéanamh ina dtaobh, toisc amhras a bheith ann i leith pointí áirithe. Go háirithe, do hinseadh dom nach bhfuil sé soiléir go n-admhaíonn an dlí eadarnáisiúnta díolúine phearsanta a bheith ag fostaithe Consalachta (fiú i leith gníomhartha a rinneadh i gcúrsa a ndualgais oifigiúil), ná go n-údaraíonn sé d'oifigeach Consalachta diúltú fianaise a thabhairt i dtaobh a ghnótha oifigiúil. Ní mór na hamhrais sin a réiteach ionas go bhféadfaimid oblagáidí follasacha an Choinbhinsiúin a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin cinneadh ar an scéal a shocrú le reacht.
Baineann clásail 10 agus 12 le nithe níos teicniúla, gur ghá foráil reachtúil a dhéanamh ina dtaobh chun oblagáidí an Choinbhinsiúin a chomhlíonadh. Faoi chlásal 10 beidh admhála oifigigh Chonsalachta ar sheirbhísí Consalachta saor ó dhleacht stampa. Tugann clásal 11 teideal d'oifigeach Consalachta brat a thíre a bheith ar crochadh aige ar long Éireannach d'fhostaigh sé le haghaidh a dhualgas Consalachta. Tugann clásal 12 d'oifigigh Chonsalachta cumhachta áirithe maidir le longa raice agus le maoin mhairnéalach marbh.
Comhairlíodh dom gurbh inmholta clásal 13 a chur sa Bhille chun a thaispeáint go n-admhaíonn dlí na hÉireann, d'éagmais an Achta seo, go bhfuil pribhléidí agus díolúintí áirithe ag oifigigh Chonsalachta. Mura ndéantaí sin b'fhéidir go gceapfaí nach mbeadh aon díolúintí ag oifigigh Chonsalachta ó thíortha eile chun na hÉireann ach amháin nuair a déanfaí Ordú Rialtais faoi chlásal 2.
Déanann clásal 14 athghairm ar Alt 4 den Domicile Act, 1861. Bhí forála san alt sin a bhí ar aon dul, nach mór, leis na forála atá anois i gclásal 3 den Bhille. Dá bhrí sin is féidir an t-alt sin d'athghairm, sa mhéid go raibh sé i bhfeidhm riamh sa tír seo.
Ag críochnú an ghearr-chuntais seo ar an mBille dhom, ba mhaith liom pointe amháin a threisiú go speisialta. Tabharfaidh na Teachtaí dá n-aire gurb é bun-chuspóir an Bhille seo díolúintí agus pribhléidí a dheonadh mar mhalairt ar a gcothrom de dhíolúintí agus príbhléidí. Uime sin is ceart a thábhacht a bhreithniú ní hamháin maidir leis an tír seo, ach maidir leis an gcómalairt díolúintí agus pribhléidí a deonfar d'oifigigh Chonsalachta na hÉireann a bheidh ar seirbhís lasmuigh d'Éirinn. Tá tábhacht mhór ag baint leis na pribhléidí agus na díolúintí a gheibheann Consail Éireannacha ó thíortha eile; agus go háirithe ó na Stáit Aontaithe; mura bhfaighidís iad ní fhéadfadh ár gConsail freastal ar leas na hÉireann i dtíortha eile chomh maith agus chomh héifeachtúil agus a dhéanaid sin. Is fiú a mheabhrú gurb é atá sa Bhille seo an chómalairt is gá ar na díolúintí a tugtar do Chonsail Éireannacha i dtíortha thar lear.
Mar fhocal scoir ba mhaith liom a rá gur mór an sásamh dom go bhfuilimid, leis an mBille seo, ag réiteach an bhealaigh chun an chéad Choinbhinsiún Consalachta atá déanta againn a dhaingniú—is é sin, an Coinbhinsiún lenár gcairde maithe Rialtas agus pobal na Stát Aontaithe. Tugann an Coinbhinsiún sin cruthúnas breise ar an dámh muintearthais atá idir an dá thír.