Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 12 Dec 1958

Vol. 171 No. 15

Scéim Aoisliúntais na Múinteóirí Scoile Náisiúnta (Leasú), 1958—Tairiscint Daingnithe.

Tairgim:—

Go ndaingneofar scéim aoisliuntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta (Leasú), 1958, a rinne an tAire Oideachais le toiliú an Aire Airgeadais.

Tá dhá aidhm leis an Leasú atá dá bheartú anois ar Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Náisiúnta. An bun atá leis an chéad cheann ná réiteach a dhéanamh i leith aiscí pósta i gcás banmhúinteoirí a bhí i seirbhís roimh lú Iúil, 1958, agus a phósann ina dhiaidh sin. Bhíodar san i dteideal aiscí pósta d'fháil, má bhí seirbhís áirithe tugtha acu, fhaid is a lean an riail a chuir cosc ar bhan-mhúinteoirí pósta a bheith ag teagasc i bhfeidhm. Nuair a cuireadh an riail sin ar ceal ní rabhadar i dteideal aiscí pósta a thuilleadh. Measadh, ámh, nach mbéadh sé cothrom aisce pósta do cheilt ar aoinne acu gur theastaigh uaithi éirí as an tseirbhís ar phósadh di, go háirithe, nuair a tháinig sí isteach sa tseirbhís fén dtuiscint go n-éireodh sí as ar phósadh di agus go bhfaighfeadh sí aisce, má bhí seirbhís sáthach fada chuige sin aici. Tá foráil dá réir sa scéim leasaithe. Tá socrú ann freisin chun freastal ar chás ina n-íocfaí aisce pósta fén bhforáil nua agus ina bhfillfeadh an ban-mhúinteoir a bhéadh i gceist ar ais sa tseirbhís mhúinteoireachta. Sa chás san níor bh'fholáir di fén socrú atá i gceist an aisce maraon le hús iolraithe do réir 5 faoin gcéad d'aisíoc chun go bhféadfaí a seirbhís roimh pósadh di d'áireamh arís mar sheirbhís inphinsin.

An tarna aidhm atá leis an Leasú ná freastal a dhéanamh ar mholadh a deineadh ag an gComhairle Idir-Réitigh do na Múinteoirí Náisiúnta fén a bhfanfadh na múinteoirí i seirbhís inphinsin go dtí deireadh na scoil-bhliana ina sroisfidís 65 bliana d'aois. Tá socrú dá réir ann cheana féin i gcás na méan-mhúinteorí agus i gcás na gCeárd Mhúinteorí. Fé na scéimeanna a bhí i bhfeidhm go dtí seo bhí ar mhúinteoirí náisiúnta éirí as seirbhís inphinsin ag deireadh na ráithe ina sroiseadar 65 bliana d'aois.

De réir mar a thuigim an rud adeir an tAire, níl san leasú san ach cruinneas do shochrú i dtaobh cúrsaí airgid. Aontaím leis an dá leasú. Ba mhaith liom, áfach, a fhiafraí den Aire, i dtaobh na mban a bheidh ag dul le múinteoireacht i mbliana, an bhliain seo chugainn agus an bhliain indiaidh sin, an mbeidh aiscí pósta le fáil acu san?

Ach amháin mná go raibh an ceart seo acu cheana agus do thréig an mhúin-teoireacht agus a raghaidh thar n-ais?

Cuireadh agus d'aontaoidh an cheist.

Top
Share