den Aire Poist agus Telegrafa an bhfuiltear sásta leis an spéis atá á chur i Radio na Gaeltachta ag lucht éisteachta; agus an bhfuil aon breithniú déanta i dtaobh na n-uaire craolacháin a fhadú.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Radio na Gaeltachta.
121. D'Fhiafraigh
Tuigtear dom ó Radio Telefís Éireann go bhfuil sé ró-luath teacht ar thuairmí chruthanta faoin éisteoreacht atá ag cláracha Radio na Gaeltachta ó tharla nár cuireadh tús leis an tseirbhís i bpáirt go dtí mí an Aibreáin agus nach bhfuil raon iomlán stiúideanna agus áiseanna léirithe eile le fáil go fóill.
Tá ceadaithe agam suas le tríocha uair a chloig de chraoladh rialta in aghaidh na seachtaine agus sé an méid uaireannta atá á chraoladh faoi láthair ná sé déag. Tuigtear dom, cé ná bhfuil aon socrú déanta go fóill cathain a dhéanfar líon na n-uaireannta seo a leithniú, go scrúdófar an cheist seo nuair a bheidh lán-áiseanna le fáil—sa Fómhar is dóichí.