Éamon Ó Cuív
Question:594 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén líon daoine ar eisíodh barántais chuardaigh ina leith faoi alt 29 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit chun a gcuid tithe a chuardach i gContae na Gaillimhe le mí anuas; cén bonn ar ar eisíodh na barántais sin agus cé air a raibh an t-amhras bunaithe go raibh rudaí á gcoinneáil acu go mídhleathach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15354/96]