Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Oct 1996

Vol. 470 No. 1

Written Answers. - Iompar Scoile.

Éamon Ó Cuív

Question:

222 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth a bhfuil táille á gearradh ar thuismitheoir duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe le haghaidh iompair scoile nuair atá sí ceithre mhíle ón scoil agus nuair atá fiobróis chisteach uirthi; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18522/96]

Tá an dalta a luann an Teachta sa cheist seo i dteideal iompar scoile a fháil, saor in aisce, go dtí an scoil atá ainmnithe. Os rud é go bhfuil cárta leighis ag a tuismitheoirí níl táille i gceist.

Top
Share