Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Nov 1996

Vol. 471 No. 4

Priority Questions. - Scoileanna Lánghaeilge.

Robert Molloy

Question:

19 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon athrú ar a thuairimí i leith tairiscint na Roinne Oideachais maidir le todhchaí gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta faoi na húdaráis oideachais áitiúil atá molta ó d'fhreagair sé ceist Dála ar an 12ú Meitheamh 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20975/96]

Mar fhreagra ar Cheist Uimh. 81 ar 12 Meitheamh maidir leis an mBille Oideachais, 1996, faoina mbunófar deich mBord Oideachais chun struchtúr idirmheánach riaracháin a chur ar fáil sa chóras oideachais, dúirt mé go raibh mé sásta leis an gcur chuige atá i gceist faoina mbeidh ar gach Bord Oideachais coiste ar leith a bhunú chun comhairle a chur ar an mBord maidir le cur chun cinn agus múineadh na Gaeilge agus maidir le comhordú a dhéanamh i dtaca le múineadh trí Ghaeilge a chur ar fáil. Táim sásta i gcónaí leis an gcur chuige sin.

Ar ndóigh, is gnó don Aire Oideachais é forálacha an Bhille Oideachais.

An nglacann an tAire leis go bhfuil cúram faoi leith air ó thaobh gach rud a bhaineann leis an nGaeilge agus na ceantair Ghaeltachta? Sin an fáth go bhfuil an cheist seo thíos chuige féin. An nglacann sé leis go bhfuil deacrachtaí faoi leith ag scoileanna sna ceantair Ghaeltachta ó thaobh téacsleabhair, múinteoirí, suíomh iargúlta? Maidir leis na gaelscoileanna, is mionlach iad sna cathracha go speisialta agus de bharr na ndeacrachtaí speisialta atá ag an dá dhream seo, má tá sé ar intinn ag an Rialtas dul ar aghaidh le bunú bord oideachais ar fud na tíre, cén fáth nach nglacann sé leis go bhfuil tábhacht leis an iarratas bord oideachais a bhunú do scoileanna sna ceantair Ghaeltachta? An nglacfadh sé leis go bhfuil díomá ar a lán daoine a bhfuil suim acu sa cheist seo faoin ráiteas atá déanta ag an Aire cheana agus arís inniu nach mbunófar bord oideachais do na scoileanna Gaeltachta?

Ba mhaith liom cúpla rud a dhéanamh soiléir. Níl dhearna mé an cineál ráitis tráthnóna a luaigh an Teachta Ó Maoildhia. A mhalairt a dúirt mé.

Is ar an Aire Oideachais atá an dualgas an cinneadh seo a thógáil. Tá an Teachta mícheart faoi rud eile freisin: ní bord neamhspleách atá á lorg ag na scoileanna Gaeltachta ach réigiún speisialta.

Chas mé leo ar an 1 Iúil, 1995, 14 Deireadh Fómhair 1995, 10 Feabhra 1996, 23 Márta 1996, agus 8 Bealtaine 1996. Sin fianaise go bhfuil spéis agam i gcúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Nuair a bhuail mé leis na dreamanna éagsúla, pléadh anchuid rudaí éagsúla. An t-éileamh bunúsach a bhí acu ná go mbunófaí réigiún speisialta agus dúirt mé leo ón eolas a bhí agam, nach raibh an tAire Oideachais sásta géilleadh ar an bpointe sin. Ach go bhféadfaimis dul chun cinn a dhéanamh ar choinníollacha eile.

Phléamar an gá go mbeadh Gaeilge líofa ag príomhoifigigh na mbord éagsúla, cúram na gcoistí seasta, go mb'fhéidir go mbeadh foras náisiúnta ann chun súil a choimeád ar chúrsaí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, bhí crúinniú agam leis na gaelscoileanna anseo ar an 17 Aibreán 1996. Tá mé ag déanamh mo dhícheall na riachtanais éagsúla a phlé le mo chomhleacaí, an tAire Oideachais, agus leis na dreamanna a bhfuil suim acu ann. Ach luíonn cúram an Bhille Oideachais ar an Aire Oideachais.

Má tá na réigiúin seo sa chóras oideachais le bunú, tá éileamh a dhéanamh ag na scoileanna Gaeltachta go mbeadh réigiún speisialta ann dóibhsean agus go mbeadh bord faoi leith ann don réigiún sin. Dúirt an tAire ar an 12 Meitheamh 1996 nach mbunófar bord oideachais ar leith do scoileanna Gaeltachta agus tá sé tar éis an rud céanna a rá inniu. Is polasaí é sin a ghlacann sé féin leis de réir dealraimh mar tá sé sa Rialtas agus sin an seasamh atá tógtha anois ní amháin ag an Aire Oideachais ach ag an Rialtas ar fad, é féin san áireamh. Cuireann sé ionadh ar a lán daoine nach bhfuil níos mó suime aige sna deacrachtaí agus sna fadhbanna atá ag scoileanna Gaeltachta agus cur ina luí ar an Rialtas go mba chóir an réigiún agus an bord speisialta seo a bhunú ionas go bhféadfaí na deacrachtaí seo a phlé eatarthu féin agus as sin, leis an Roinn Oideachais. Más córas nua atá i gceist ag an Rialtas, cé fáth go bhfuil na scoileanna Gaeltachta agus lánghaeilge á bhfágáil amach as?

Tá an cás pléite agam le mo chomhleacaí ach nílim ag tógaint cúramaí oideachais orm féin. Taobh amuigh den bhunéileamh sin go mbunófaí réigiún speisialta, bhí mé in ann dul chun cinn ar a lán nithe eile maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Tá argóint ann an cóir na scoileanna lánghaeilge a chur i réigiún amháin nó an mbeadh sé i bhfad níos fearr cúram na Gaeilge a leathadh ar bhonn náisiúnta. Ar thaobh amháin, tá an dearcadh ann go n-eireodh sórt ghetto as agus ar an dtaobh eile, deir daoine go bhfuil riachtanais speisialta ann agus nach féidir freastal orthu ach taobh istigh de choincheap an réigiúin.

An tuairim atá agam féin ná gur féidir freastal ar na riachtanais go léir taobh istigh de struchtúr nach dtiocfadh leis an mbunéileamh seo. Is féidir dul chun cinn a dhéanamh ar an mbonn sin ach caithfimid fanacht ar an reachtaíocht i gcúrsaí oideachais chun na torthaí a fheiceáil.

An nglacfadh an tAire leis go bhfuil buille tubaisteach buailte anois ar eagraíocht na ngaelscoileanna de bharr an athraithe atá curtha i bhfeidhm ag an Rialtas maidir le haitheantas a thabhairt do na gaelscoileanna agus go bhfuil cuid de na scoileanna nár tugadh aitheantas dóibh i gcruachás sa mhéid is go gcaithfidh Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile dul amach ag bailiú airgid ón bpobal chun na costais atá orthu a íoc? Nach caitheamh anuas é sin ar an nGaeilge agus ar an obair a ba chóir a bheith ar siúl ag an Aire mar Aire Gaeltachta? Tá daoine ag siúl go mbeadh seasamh níos láidre á thógáil aige ar son scoileanna lánGhaeilge na tíre.

Tá mé lánsásta leis an méid atáim ag déanamh, mar Aire Gaeltachta ar son na Gaeilge. Beidh áthas orm san am atá le teacht aon chomparáid atá ag teastáil ó éinne a dhéanamh: is cuma liom.

An rud atá tábhachtach ná go bhfuil éileamh ann go leanfaí leis an rud atá ar siúl agus tá cabhair tugtha ag mo Roinn do Bhord na Gaeilge agus tugtha ag Bord na Gaeilge do na scoileanna a luaigh an Teachta. Agus leanfaidh an obair seo.

Ba chóir go gcuirfí ceisteanna i leith cúrsaí oideachais ar an Aire Oideachais

Táim ag cloisteáil ón Aire gur cuma leis faoin cheist tábhachtach seo.

Ní dúirt mé é sin. Seo é an dara nó an tríú huair don Teachta Ó Maoildhia a rá go ndúirt mé rudaí nach bhfuil fíor. Iarraim ar an gCathaoirleach anois iarraidh ar an Teachta Ó Maoildhia an méid sin a thógaint ar ais. Ar ndóigh, tá taithí ag an Teachta ar a bheith ag obair mar sin; níor chaill sé é.

Top
Share