Maidir leis an dara cuid den cheist, má chuireann tú ceist síos maidir le TnaG freagrófar an cheist sin. Maidir leis an gcéad chuid den cheist, shíl mé gur mhínigh mé é seo go mion agus go beacht inné go díreach cad tá i gceist leis an mBille Teanga. Mar a mhínigh mé, ceann de na féidireachtaí a bhfuil mé ag breathnú air, agus níl ann ach féidireacht i láthair na huaire, ná go mbeadh cur-i-bhfeidhm ginearálta ag Bord na Gaeilge agus an Acht i bhfeidhm. Ach mar a deirim níl aon intinn socraithe agam i dtaobh na ceiste seo agus bheadh an-spéis agam i dtuairimí Chomhchoiste an Oireachtais, an Comhchoiste ar chas mé orthu inné agus go deimhin i dtuairimí agus i moltaí an Teachta.
Maidir leis na gníomhaíochtaí atá ar bun ag Bord na Gaeilge i láthair na huaire, ní fheicim go mbainfidh an Bille Teanga aon cheann de na gníomhaíochtaí sin den Bhord. Ach d'fhéadfadh sé cur leis. Maidir leis an dátheangachas, is é ról agus an feidhm Bhoird an Ghaeilge a chur chun cinn agus is ar sin a bheidh sé dírithe san am atá le teacht, mar atá sé dírithe i láthair na huaire.