Dinny McGinley
Question:7 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén líon fostaíochta a cuireadh ar fáil i ngach Gaeltacht le trí bliana anuas agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10837/98]
Vol. 490 No. 6
7 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén líon fostaíochta a cuireadh ar fáil i ngach Gaeltacht le trí bliana anuas agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10837/98]
Glacaim leis gurb í an fhostaíocht lánaimseartha a cruthaíodh i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta atá i gceist go príomha ag an Teachta. Cuirfear an t-eolas sin ar fáil i dtábla sa Tuairisc Oifigiúil.
Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an Údarás maidir le fostaíocht a chruthú do mhuintir na Gaeltachta. Mar shampla, i 1997 shrois iomlán na fostaíochta lánaimseartha i gcuideachtaí a fuair cúnamh ón Údarás an bhuaicphointe is airde riamh de 7,854 phost. Chomh maith leis sin shrois an fhostaíocht pháirtaimseartha agus shéasúrach an bhuaichphointe is mó riamh, is é sin, 4,110 post, sa bhliain chéanna.
Tá glanghnóthachán iomlán fostaíochta lánaimseartha de bhreis agus 40 faoin gcéad bainte amach ag an Údarás i dtionscail faoina scáth sa Ghaeltacht le seacht mbliana anuas agus tá móriomlán na bhfigiúirí do phoist pháirtaimseartha agus shéasúracha méadaithe faoi dhó ó 1990 i leith.
Is dul chun cinn suntasach é sin agus tréaslaim a saothar leis an Údarás.
Postanna lánaimseartha a chruthaíodh i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta sna blianta 1995-1997.
Contae |
1965 |
1996 |
1997 |
Dún na nGall |
472 |
304 |
294 |
Maigh Eo |
92 |
140 |
81 |
Gaillimh |
384 |
624 |
505 |
An Mhí |
39 |
20 |
22 |
Ciarraí |
170 |
110 |
93 |
Corcaigh |
80 |
65 |
67 |
Port Láirge |
14 |
22 |
11 |
1,251 |
1,285 |
1,073 |