Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 2000

Vol. 515 No. 5

Other Questions. - Údarás na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Question:

10 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a líonfaidh sí an dá áit atá le líonadh ar Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6308/00]

Éamon Ó Cuív

Faoin Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh.2), 1999, is gnó don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an cathaoirleach agus dhá chomhalta a cheapadh ar an Údarás. Ceapadh an Cathaoirleach, T.Ó hEalaithe, iar-Rúnaí na Roinne, ar 6 Eanáir agus ceapadh an dá chomhalta ar 23 Feabhra. Is iad an dá chomhalta ná Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir, Comharchumainn Inis Mór Teo, Árainn; agus Seán Creabháin, fear gnó, Mionlach, Gaillimh.

Ceapadh an dá ghnáthbhall i ndeireadh na dála ach nach n-aontódh an tAire Stáit liom gur chúis náire dó gur thóg sé chomh fada an bheirt a chur in áit os rud é gub é an fáth gur tharla sé sin ná go raibh argóint idir na polaiteoirí. Nach gceapann sé anois ag féachaint siar go mbeadh sé níos fearr go mbeadh gach ball den Údarás tofa mar gur rud náireach don Teach seo agus do chúrsaí polaitíochta an rud a tharla?

Ní aontóinn leis an Teachta. Is é an Dáil agus an Seanad a ghlac leis an reachtaíocht. Sin mar a rith an tOireachtas é. Pléadh an cheist go mion nuair a bhí an reachtaíocht ag dul tríd. Leirigh mé ag an am sin cén fáth go raibh beirt chomhalta á ainmniú. Thabharfadh sé deis daoine a cheapadh go mór mhór a dhéanfadh ionadaíocht thar cheann cheantar nach mbeadh in ann ionadaíocht a fháil ar aon bhealach eile. Mar a tharlaíonn sé tá lúcháir go mór mhór ar lucht na n-oileán anois – dream nach mbeadh in ann comhalta dá gcuid féin ar son na n-oileánach ar fad a thoghadh ar bhord an Údarais. Tá an-áthas orthu go bhfuil duine ceaptha anois. Ainneoin na rudaí a chloisfeá ó na meáin tá na hoileánaigh ó dheas, na hoileánaigh ó thuaidh agus na hoileánaigh i Muigheo an-sásta go deo go bhfuil oileánach ar bhord an Údaráis. Nuair a chuireann tú gach rud san áireamh tá ceapacháin mhaithe déanta idir an triúr agus tá mé cinnte go n-éireoidh thar chinn le bord an Údaráis mar atá sé athstruchtúrtha.

Is dualgas don Aire na ceapacháin seo a dhéanamh. Cheap an tAire an Cathaoirleach go luath agus bhí an cead aige é sin a dhéanamh. Bhí an tAire Stáit Roibeard Ó Maoildhia ag caint ar an raidio an lá cheana agus dúirt seisean go raibh ainm curtha isteach thar cheann a pháirtí féin díreach i ndiaidh an toghcháin. An bhfuil sé fíor gur gheall an tAire Stáit Ó Cuív ainmniúchán do thrúr nó do cheathrar agus nach raibh spás dóibh ar an mbord? Nach bhfuil sé i gcoinne phrionsabal an daonlathais nach raibh tú sásta ainm fhir ó do pháirtí féin ó Mhuigheo, a fuair níos mó ná míle vóta ar an chéad chomhaireamh, a chur os comhair an Aire le ceapadh ar an mbord?

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a rá go soiléir sa Teach seo nár gheall mé ballraíocht ar bhord Údarás na Gaeltachta d'éinne. Ba mhaith liom é sin a dhéanamh thar a bheith soiléir. Ceapadh beirt agus is é an t-am a dúradh leo go raibh siad ceaptha ná an uair gur cheapadh iad. Maidir leis an cheist eile, mhínigh mé go mion minic mar a bhí na suíocháin roinnte ar bhord an Údaráis. Thug mé suíocháin do Ghaeltachtaí beaga – do PhortLáirge, don Mhí agus do Chorcaigh. Tá coibhneas chomh fada agus is féidir é á oibriú idir líon na ndaoine a bhfuil comhnaí orthu sa Ghaeltacht agus líon na suíocán atá ann. Bhí vótáil i bhfad níos lú i mBaile Átha Cliath san Olltoghchán ná mar a vótáil faoin dtuath agus ní raibh aon cheist faoi mar is rogha ag duine vótáil nó gan vótáil. Tá dearmad déanta ag an bhFreasúra gContae Mhaigheo ar an cheist sin.

Tá an méid sin cloiste againn ach nach bhfuil sé fíor.

Tá sé cloiste, ach níor éist daoine leis—

Éistíonn agus éistíonn go géar agus ná déan dearmad ar sin. Nach bhfuil sé fíor i ndeireadh na dála go raibh argóint idir na páirtithe sa Chomhrialtas mar gheall ar na háiteacha seo agus gur cuireadh an bheirt seo in áit de réir an gheansaí polaitíochta a bhí á chaitheamh acu agus nárbh é tairbhe na Gaeltachta a bhí i gceist?

An gceapann an tAire go bhfuil sé féaráilte go bhfuil ochtar ar an mbord ó Chontae na Gaillimhe? Nach bhfuil sé sin in aghaidh phrionsabal an daonlathais nár ainmníodh fear as a pháirtí féin ó chontae eile a fuair níos mó ná míle vóta. Ba chóir go mbeadh triúr ar an mbord ón chontae sin – beirt tofa agus duine eile ainmnithe. An bhfuil sé féaráilte go bhfuil ochtar ar bhord 20 duine?

Ó Chontae na Gaillimhe.

Sé fírinne an scéil, má bhreathnaíonn duine ar an triúr atá ceaptha, ní raibh aon bhaint riamh go bhfios domsa ag beirt acu sin le cúrsaí polaitíochta nó le páirtí ar bith. Tá súil agam nach bhfuil éinne ag cur i leith iar Rúnaí na Roinne go raibh aon bhaint aige sin le páirtí. Tá mé in ann a rá freisin, go bhfios dom, níl aon bhaint ag Cathy Ní Ghoill le páirtí polaitíochta. Sin an t-eolas atá agamsa agus tá eolas maith agam ar an mbean atá i gceist. Tá fhios ag chuile dhuine gur sheas an tríú duine don Pháirtí Daonlathach sa toghchán. Theip ar an duine sin le vóta amháin agus is féidir liom an méid seo a rá leis an Teachta O'Shea. Má bhreathnaíonn sé ar an taiféad nuair a bhí an Teachta Ó hUiginn ina Aire bhí sé ag moladh nach gceapfaí daoine polaitiúla.

Tá an t-am thart.

Chinntigh a chomhleacuithe sa Rialtas go gcuirfí daoine polaitiúla ar an mbord.

Ceist a haondéag.

Top
Share