Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Other Questions. - Coimisiún na Gaeltachta.

Question:

101 Dr. Upton asked the Minister for Arts, Heritage Gaeltacht and the Islands if she will make a statement on the claim that Gaeltacht areas are in danger of being wiped out within decades; the steps being taken to deal with this situation; and if she will make a statement on the matter. [25568/00]

John Browne

Question:

108 D'fhiafraigh Mr. Browne (Carlow-Kilkenny) den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an aontaíonn sí go bhfuil an Ghaeilge labhartha ag dul ar gcúl agus ag éirí níos laige sna Gaeltachtaí ach go bhfuil an Ghaeilge ag treisiú taobh amuigh de na Gaeltachtaí. [25609/00]

Dinny McGinley

Question:

117 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéad cruinniú a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta ó bunaíodh é, cén áit a raibh na cruinnithe, cén dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún go dtí seo agus cén uair a bheidh a thuarascáil ar fáil. [25599/00]

143. D'fhiafraighMr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé na cruinnithe poiblí sa Ghaeltacht a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta go dtí seo, conas a d'éirigh leis na cruinnithe céanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25587/00]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 101, 108, 117, 124, 135 agus 143 le chéile.

Bhunaigh an Rialtas Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht níos luaithe i mbliana chun moltaí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta. Tá téarmaí tagartha leathan tugtha don choimisiún. Mar chuid de na téarmaí tagartha sin déanfaidh an coimisiún tomhas ar a mhéid is atá an Ghaeilge in úsáid mar theanga labhartha sna limistéir éagsúla Ghaeltachta. Gan amhras ní bheadh an coimisiún seo ann murach gur cheap an Rialtas go bhfuil an Ghaeilge ag cúlú sa Ghaeltacht in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta go dáta. É sin ráite caithfear fanacht ar thuarascáil an choimisiúin chun pictiúr níos cruinne a thabhairt dúinn maidir le stáid na Gaeilge sa Ghaeltacht anois.

Tuigim ón gcathaoirleach go raibh cúig chruinniú acu go dáta – dhá cheann i nGaillimh agus ceann amháin i gCiarraí, Dún na nGall agus Baile Átha Cliath araon. Táthar sásta leis an dul chun cinn go dáta ach mar a dúirt mé tá téarmaí tagartha leathan tugtha don choimisiún agus tá sé mar sprioc acu na téarmaí sin a chomhlíonadh go cuimsitheach ó bhun go barr. Ní féidir a rá go beacht ag an bpointe seo cathain a bheidh an coimisiún réidh chun tuarascáil dheiridh a chur faoi bhráid an Rialtais. Is ceist í don Rialtas ina dhiaidh sin an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí.

Maidir le cruinnithe poiblí, tuigim go bhfuil i gceist ag an gcoimisiún gach seans a thabhairt don phobal tuairimí agus moltaí a chur ar aghaidh. Tá os cionn ceithre scór aighneacht faighte acu go dáta. Tuigim go bhfuil i gceist ag an gcoimisiún sraith cruinnithe a eagrú sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di chun deis a thabhairt don phobal aighneachtaí ó bhéal a chur faoi bhráid an choimisiúin. Cuireadh tús leis na cruinnithe poiblí sin an tseachtain seo. Mar eolas don Teachta Mac Fhionnlaoich eagraíodh cruinnithe go háitiúil i nDún na nGall faoi obair an choimisiúin agus cuireadh moltaí faoi bhráid an choimisiúin. Beidh i gceist cruinnithe poiblí a eagrú i nDún na nGall ó mhí Eanáir 2001.

Maidir leis an nGaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, tá sé deacair a rá go cruinn an bhfuil fás ag teacht ar a húsáid. Léiríonn tuairiscí éagsúla faoin ábhar seo go bhfuil bunsraith mhaith sa phobal i dtaca le cumas agus labhairt na Gaeilge.

An aontaíonn an tAire Stáit leis an ráiteas a chuir sé amach le déanaí go bhfuil an chontúirt ann go bhfaighidh an Ghaeltacht bás taobh istigh de dheich mbliana eile muna gcuireann muintir na Gaeltachta chuige? Cén fáth díreach a deir sé é sin? An bhfuil sé ag rá gur saothar in aisce é Coimisiún na Gaeltachta nuair atá ráitis mar sin ag teacht amach uaidh? Agus os rud é go bhfuil tromlach na ndaoine a labhrann Gaeilge uair amháin sa ló lasmuigh den Ghaeltacht an bhfuil aon scéim ar intinn ag an Aire Stáit chun scéal na Gaeilge sa Ghalltacht a mheas agus chun an teanga a fhorbairt agus a chaomhnú sna háiteanna sin?

Maidir leis an chéad cheist a chuir tú, is é a dúirt mé ná má chineann pobal na Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt len a gclann imeoidh sí taobh istigh de ghlúin. Ar an dtaobh eile den scéal, dúirt mé má chineann an ghlúin seo go bhfuil an rogha sin acu, mar tá Béarla ag chuile dhuine sa Ghaeltacht, Gaeilge a labhairt len a gclann mairfidh sí go deo. Tá sé chomh simplí leis sin. Is fíric é sin go gcaithfimid aghaidh a thabhairt air. Caithfimid scrúdú a dhéanamh mar chuid d'obair an Choimisiúin cén fáth go bhfuil an oiread de phobal agus de thuismitheoirí na Gaeltachta ag labhairt Béarla len a gclann mar chéad theanga. Caithfear é sin a scrúdú ach ag deireadh an lae is é pobal na Gaeltachta féin a dhéanfaidh cinneadh faoi sin. Sin an rud a dúirt mé agus seasaim leis sin mar dhuine a bhfuil cónaí air sa Ghaeltacht.

Maidir leis an dara cheist, tá Foras na Gaeilge ann mar chuid den Foras Tras-Teorann Teanga. Tá dualgas mór curtha orthu siúd eolas cuimsitheach a bhailiú maidir le húsáid na Gaeilge agus freisin, rud níos tábhachtaí fós, bealaigh a aimsiú le cur len a húsáid ar fud na tíre uilig.

(Carlow-Kilkenny): Ón méid a dúirt an tAire Stáit an bhfuil gá ar bith le Aire na Gaeltachta nó Aire Stáit na Gaeltachta mar tá teipthe glan ar athbheochan na Gaeilge. Tá sé mar bhunaidhm ag an Aire Stáit agus ag a pháirtí an Ghaeilge a chur chun cinn. Cén fáth nach bhfuil an dul chun cinn sin déanta sa Ghaeltacht agus an méid airgid atá á chaitheamh sa Ghaeltacht chun tacaíocht a thabhairt don aidhm sin? An gceapann an tAire Stáit go bhfuil sé thar am scrúdú a dhéanamh ar an méid airgid a tugtar do bhailte agus do áiteanna eile taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil an Ghaeilge ag déanamh an dul chun cinn ionntu? Cad é an dea-shampla atá á thabhairt ag an Rialtas féin do dhaoine sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht maidir le labhairt na Gaeilge?

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a shoiléiriú gur beag airgid a chaitear sa Ghaeltacht nach gcaithfí sa Ghaeltacht ar aon chaoi fiú muna mbeadh an Ghaeltacht ann. Mar chuid mhaith den airgead a áiríteart leis an Ghaeltacht baineann sé le bóithre, le céibheanna agus le rudaí mar sin a bhfuil fáil ag chuile dhuine sa tír orthu. Mar shampla, bunáit an airgid a tugtar d'Údarás na Gaeltachta, caitear ar chúrsaí tionscail é. Níl aon bhaint aige sin le Gaeilge per se. Ba mhaith liom níos mó den chaiteachas sa Ghaeltacht a fheiceáil caite ar an teanga agus tá an cheist sin pléite agam le hÚdarás na Gaeltachta le gairid. Ach is bréag é agus is bréag é a scaiptear go forleathan, go bhfuil an t-uafás airgid á chaitheamh ar theanga na Gaeilge sa Ghael tacht nó go bhfuil mórán buntáiste ag pobal na Gaeltachta thar aon phobal eile sa tír.

Maidir leis na pobail taobh amuigh den Ghaeltacht, is é an chaoi a bhfuil an scéal ná go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta i gceantracha áirithe agus ní dóigh liom gur cheart áiféal a dhéanamh de sin. Tá ceann acu i do cheantar féin. Ceann de mhór-rólanna Fhoras na Teanga ná cur leis sin agus déanamh cinnte go ndéanfar forbairt ar sin. Tá airgead á chur ar fáil ag an Rialtas chuige sin. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte nuair a bheidh an Foras Teanga ag obair i gceart go gcuirfear dlús mór leis an obair atá ar bun ag an bhForas Teanga le hais mar a bhí ag Bord na Gaeilge roimhe mar beidh na deiseanna acu an obair a dhéanamh go críochniúil agus go slactmhar.

Maidir leis an cheist a chuir an Teachta faoin Rialtas is dóigh liom go bhfuil níos mó déanta ag an Rialtas seo ó thaobh reachtaíocht le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge – an Bille Oideachais, an Bille Pleanála agus mar sin de – ná mar a rinne aon Rialtas roimhe.

Is cosúil go bhfuil an tAire ar aon intinn linn go léir go bhfuil beagnach géarchéim ó thaobh na Gaeilge de i gcuid de na Gaeltachtaí i láthair na huaire. An aontaíonn sé go bhfuil cuid den locht agus den bhfreagracht ar na heagrais agus ar na Ranna Stáit féin. Go minic bíonn sé an-deacair ar mhuintir na Gaeltachta a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge nuair a chuirtear san áireamh na seirbhísí sláinte, seirbhísí leighis, seirbhísí oideachais agus fiú amháin seirbhís a thagair an tAire Stáit féin dí an lá faoi dheireadh, ón mBord Pleanála.

Nuair a éilíonn siad go mbéadh éisteachtaí poiblí i mBéarla sa Ghaeltacht nach n-aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil go leor den locht ar na seirbhísí agus na Ranna Stáit a chuireann na seirbhísí ar fáil. Síleann muintir na Gaeltachta go bhfuil sé i bhfad níos fosa agus i bhfad níos fearr, agus go minic go mbeadh toradh níos fearr as a gcuid oibre a dhéanamh i mBearla seachas i nGaeilge leis na Ranna Stáit.

Aontaím go hiomlán leis an Teachta. Agus tá mé cinnte go n-aontódh an Teachta liom gurb é an difríocht atá idir an Rialtas seo agus an Rialtas deiridh ná go rabhadar san ag braith ar threorlínte deonacha. Is scannal é – agus dúirt mé é seo amach go hoscailte – an chaoi go mbrútar seirbhísí tré Bhearla lá i ndiaidh lae ag eagrais Stáit ar phobal na Gaeltachta. Tá an Rialtas seo ag déanamh rud éigin faoi. Tá Bille Comhionannas Teanga á réiteach. Tabharfar isteach é agus cuirfidh sé sin deireadh leis an scannal seo mar den chéad uair beidh reachtaíocht ann a thabharfaidh cosaint do lucht labhartha na Gaeilge agus do dhaoine a bheidh ag iarraidh Gaeilge a úsáid leis an Stát. Is mór an trua nach ndearna an Rialtas deiridh é sin ach tá an Rialtas seo á dhéanamh.

(Interruptions.)

Tá cinneadh i bprionsabal tógtha ag an Rialtas ar seo. Tá fhios ag an Teachta é sin agus an féidir leis an Teachta a rá liomsa ar tógadh aon chinneadh i rith tréimhse an Rialtais deiridh?

(Carlow-Kilkenny): Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a chur in iúl don Aire Stáit go nglacaim go hiomlán gur chóir go mbeadh deontais le fáil le haghaidh bóithre agus tionscal agus gach rud eile sa Ghaeltacht. Ach tá deontais ar fáil ag muintir na Gaeltachta nuair a théann na páistí óga ann ag foghlaim Gaeilge. B'fhéidir go mba chóir go mbeadh deontais ar fáil ar fud na tíre ar fad, in áiteanna a bhfuil suim ag na daoine sa Ghaeilge. Má tá an Ghaeilge á labhairt ar fud na tíre cén fáth go mbeadh deontais faoi leith do labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht amháin?

Níl fhios agam an bhfuil an Teachta ag tagairt do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge nó Scéim Labhairt na Gaeilge. Maidir le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de, ní raibh gasúir na Gaeltachta incháilithe don deontas sin go dtáinig mise isteach mar Aire. D'athraigh mé na rialacha go bhféadfadh gasúir ón Ghaeltacht freastal ar Choláistí Gaeilge le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge muna raibh Gaeilge acu. Ceapaim go bhfuil ciall leis sin nuair a smaoinímid ar chomhdhéanamh na Gaeltachta anois.

Maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge de, is é an t-iomlán a íoctar faoin scéim sin le teaghlach iomlán ná £200 in aghaidh na bliana mar uasmhéid. Má cheapann daoine go bhfuil na teaghlaigh ag déanamh saibhris ar sin caithfidh nach bhfuil tuiscint acu ar luach airgid an lae inniu. Mar sin, níl sé fíor ar aon bhealach go bhfuil mór-chuid airgid á chaitheamh nó mórán buntáiste ag pobal na Gaeltachta ó thaobh na heacnamaíochta de thar mar atá ag an chuid eile den tír. Is cineál finscéal é seo go bhfuil an t-uafás airgid á chaitheamh sa Ghaetlacht sa bhreis ar an méid airgid atá á chaitheamh ar chuile phobal sa tír. Dá ndéanfaí é seo a scrúdú i gceart gheobhfaí amach go bhfuil go leor de phobal na Gaeltachta ann nach bhfuair cothrom na Féinne ó thaobh chaiteachas an Stáit riamh.

(Carlow-Kilkenny): An bhfuil an tAire Stáit ag rá nach bhfuil ach £200 le fáil ag teaghlaigh sa Ghaeltacht atá ag tabhairt lóistín do dhaoine óga?

Sin Scéim Labhairt na Gaeilge, Scéim na Deich bPunt mar a thugtaí air. Sin an scéim faoin a n-íoctar airgead – -—

(Carlow-Kilkenny): Ní hé sin an cheist a chuir mé ort.

Maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge is deacair a rá agus chruthaigh mé é seo le gairid, arb iad na tuismitheoirí taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag cur gasúr chun na Gaeltachta atá ag fáil buntáiste nó mná tí na Gael tachta. Sin ceist a bheidh á phlé leis na Coláistí Gaeilge go luath. Tá mise in amhras go bhfuil muintir na Gaeltachta ag fáil iomlán buntáiste as sin agus déarfainn féin gurb iad na tuismitheoirí atá ag fáil an bhuntáiste faoi láthair.

Nach n-aontódh an tAire Stáit liom go bhfuil sé amaideach a bheith ag caint mar gheall ar an bhForas Teanga i dtaobh sábháilt na Gaeilge? Sin an rud a ghlac mé ón bhfreagra deireannach ag an Aire Stáit. I ndeireadh na dála nach bhfuil sé ceart a rá go bhfuil polasaí de short ag an Rialtas i dtaobh na Gaeltachta ach níl polasaí ar bith ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge? Cuir i gcás an Roinn Oideachais. Bíonn siad sin ag plé le cúrsaí Gaeilge ach níl aon phlean straitéiseach ag an Rialtas. Go dtí go mbeidh sé sin in áit ní dóigh liom gur féidir a bheith ag caint mar gheall ar dhul chun cinn a dhéanamh. Tá a lán rudaí ag tárlú neamhspleach dá chéile.

Tá straitéis ann. Sé an chaoi a bhfuil cúrsaí ná go bhfuiltear ag déanamh cinnte faoin Rialtas seo, rud nach ndearnadh riamh cheana, go mbeidh cothrom na Féinne le fáil ag lucht na Gaeilge agus ag lucht na Gaeltachta. Tá sé sin le feiceáil sa Bhille Oideachais, sa Bhille Pleanála agus—

Níl aon straitéis ann.

Tá straitéis ann ach bhí orainn straitéis a chur le chéile mar nach raibh aon straitéis ag an Rialtas deiridh.

(Interruptions.)

Tá an t-am le haghaidh ceisteanna thart.

Ceist an-bheag amháin.

Bí cinnte faoi seo. Ní chosnóidh Bille na Gaeilge na Gaeltachtaí nó an Ghaeilge ach an oiread. Bhí an tOireachtas thiar i gCaisleán an Bharraigh an deireadh seachtaine seo caite agus séard a bhí á rá ann ná go mba cheart don Aire Stáit Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a thabhairt isteach anseo. Tá náire ar Theachtaí Dála na cluasáin a chur orthu. Tá córas aistriúcháin sa Tigh seo. Ní thuigeann an tAire Rialtais céard atá mise ag rá anois agus ba cheart dí a bheith ag éisteacht leis na cluasáin sin.

That is where the Deputy is wrong.

Ba cheart don Aire Stáit Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a thabhairt isteach agus ba cheart na cluasáin a úsáid.

Written Answers follow Adjournment Debate.

Top
Share