Ní aontaím leis an Teachta. Ar an gcéad dul síos, luífeadh sé le réasún go dtiocfadh na scoláirí nó na gasúir ar fad ó chúige Uladh agus tuaisceart chúige Laighean a bhéadh ag dul go coláiste Ghaeilge go Tír Chonaill. De réir mar a thuigim, sin a tharlaíonn. Tarlaíonn sé go bhfuil an dara cathair is mó sa tír i gcúige Uladh. Mar sin, tá riar mhór gasúir ar fáil.
Glacaim leis san am atá caite go raibh deacracht o thaobh airgid de ag muintir Thuaisceart Éireann dul go dtí an Ghaeltacht, ach ar dhá chuis níl sé sin fíor. Tá borradh eacnamaíochta ó thuaidh le hais mar a bhí sna pobail atá i gceist agus, chomh maith le sin, tá an punt-sterling thar a bheith láidir i láthair na huaire. Shílfeá ar an mbonn sin nach mbéadh fadhb ar bith ag muintir an Tuaiscirt íoc as dul ag coláiste Gaeilge.
Má dhéanaimid scrúdú ar na táillí atá á íoc, tá siad thar a bheith íseal i chuile áit den tír i gcomparáid le cúrsaí eile, mar shampla, cúrsaí le haghaidh teangacha Mór-Roinne a mhúineadh, atá i bhfad níos airde. Mar sin, tá na tuismitheoirí ag fáil luach an-mhaith ó na coláistí Gaeilge.
Ní ghlacaim leis go bhfuil aon leithscéal níos mó ann nach mbéadh táille comhionann, beag nó mór, á íoc ag na coláistí éagsúla. Is rogha dóibh féin é ag deireadh an lae ach níor cheart dóibh leithscéal a dhéanamh de. Má thograíonn siad gan táille ard a ghearradh agus gan mórán airgid a íoc do na mná tí agus má ghlacann mná tí le sin, sin cheist dóibh siúd. Ní ghlacaim go bhfuil aon phrionsabal i gceist anseo agus ní ghlacaim leis ach oiread go mba cheart go mbéadh aon deacracht ag muintir chúige Uladh ó thaobh gasúir a mhealladh thar mar a bhéadh ag aon Ghaeltacht eile. Mar is eol do Teachta, tá taithí agam ar an ngnó seo mar thosaigh mé agus rith mé coláiste Gaeilge agus tá eolas maith agam ar an ngnó.