Trevor Sargent
Question:152 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cá seasann an plean atá aige coiste a bhunú faoi alt 31 den Acht Oideachais, 1998, chun struchtúr a thabhairt d'oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna; an mbeidh ionadaíocht ó gach Gaeltacht sna seacht gcontae Gaeltachta ar an gcoiste agus cén fáth nár bunaíodh é roimh dheireadh na bliana 2000 mar a bhí geallta. [7283/01]