Is í an leithroinnt d'fhoirgnimh bhunscoile i 2002 €153.6 milliún, an leibhéal is airde maoinithe fós agus léiríonn sé tiomantas an Rialtais seo maidir le cúrsaí cóiríochta i mbunscoileanna a fheabhsú. Sin beagnach ceithre oiread infheistíocht an Rialtais roimhe seo i 1997. De bharr an mhéadaithe mhóir ar ghníomhaíocht i réímsí foirgneamh bunscoileanna ó tháinig an Rialtas seo in oifig tá ardú mór ar an líon tionscadal beag agus mór tógála a bhfuiltear ag dul dóibh agus tá an leibhéal tógála agus gníomhaíocht athchóirithe dá bharr seo níos airde ná riamh. Beidh sé i gceist ag mo Roinn i rith na bliana seo dianmhachnamh a dhéanamh ar an iarratas ón Gaelscoil Philib Barún le hadhaigh chóiríocht feabhaise mar chuid den chlár foirgníochta méadaithe. D'ainneoin na mórscéime oibre atá beartaithe chun cóiríocht bhuan a chur ar fáil tá mo Roinn ag iniúchadh cáipéisí tairisceana maidir le soláthar cóiríochta sealadaí ag Gaelscoil Philib Barún, Trá Mhór, Contae Phort Láirge.