Mar a dúirt mé sa bhfreagra a thug mé don Teachta, "Chun tuilleadh solúbthachta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta i mbliana, agus iad ag plé le cursaí fostaíochta i gcoitinne, rinne mé comhnascadh ar fhomhíreanna H2 agus H3 a bhí ann go dtí seo". Sin freagra ar cheist a haon.
Mar fhreagra ar an dara chuid den cheist, tugtar treoir don údarás bliain i ndiaidh bliana nach bhfuil cead aige ceadú in aon bhliain amháin don bhliain dár gcionn níos mó ná 75% de chaiteachas na bliana atá ar fáil. Mar shampla, i gcomhthéacs na bliana seo caite, ní raibh sé de chead ag an údarás ariamh níos mó ná 65% de €16 mhilliún a cheadú. Cheadaigh sé níos mó ná sin ainneoin treoir leanúnach a thug gach uile Rialtas, ag dul i bhfad siar. Bhí ar an údarás, agus ní cheal airgid ach de bharr teacht ar ais ag an treoir a tugtar dó agus gur cheart dó a chomhlíonadh, teacht i líne maidir leis sin agus tá sé á dhéanamh sin. Is rud maith agus ceart é sin.
Nuair a bheidh sé sin déanta beidh an t-údarás in ann leanacht ar aghaidh mar is gnáth.