Dinny McGinley
Question:465 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an líon post a cailleadh i ngach tionscal i nGaeltacht Dhún na nGall ó 1/1/02 go dáta. [4508/03]
Vol. 561 No. 4
465 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an líon post a cailleadh i ngach tionscal i nGaeltacht Dhún na nGall ó 1/1/02 go dáta. [4508/03]
Sa tréimhse ó dheireadh na bliana 2001 go deireadh na bliana 2002 bhí glanlaghdú 351 post i dtionscail a bunaíodh le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall. Cailleadh 639 post san iomlán ach tá an glanfhigiúr laghdaithe go 351 mar gheall ar chruthú 288 post nua i dtionscail a fuair tacaíocht ón Údarás.
Léirítear sa táblá thíos liosta de na comhlachtaí inar cailleadh níos mó ná 5 phost sa tréimhse seo:
Ainm |
Seoladh |
Gnó |
Laghdú |
Ruibéar Mótair Teo. |
Doirí Beaga |
Earraí Rubair |
130 |
SMTC Teo. |
Doirí Beaga |
Trealamh Teileachumarsaide |
62 |
Gairméidí Caomhnaithe Teo. |
An Fál Carrach |
Éadaigh Slándála |
49 |
BMR Teo. |
Doirí Beaga |
Trealamh Leighis |
47 |
Gairméidí Caomhnaithe Teo. |
Doirí Beaga |
Éadaigh Slándála |
33 |
C.C. Iascairí Ailt an Chorráin |
Ailt an Chorráin |
Próiseáil Éisc |
32 |
MDR Leictreonach Teo. |
Doirí Beaga |
Táirgí Leictreonach |
27 |
Earraí Pacála Idirnáisiúnta Teo. |
Doirí Beaga |
Earraí Plaisteacha |
21 |
Plátaí Leathán Miotail Teo. |
Doirí Beaga |
Táirgí Miotail |
17 |
Comhlacht Mhic Nuadhait |
Na Dúnaibh |
Fíodóireacht Ollna |
11 |
Nuvotem Teo. |
Croithlí |
Gléasra Leictreach |
9 |
Donal Mac Monagail & a Mhic |
An Charraig |
Cairéalacht |
8 |
Bradán Próiseáil Teo. |
Cionn Droma |
Próiseáil Éisc |
8 |
Pádhraig Ó Dochartaigh |
Gaoth Dobhair |
Táirgí Adhmaid |
8 |
Gael Chniotáil Teo. |
Doirí Beaga |
Tionscal Cniotála |
8 |
Feidhlim Mac a' Ghoill |
An Charraig |
Tinteáin |
7 |
Anderson Mink Farms Ltd. |
Ard an Rátha |
Saothrú Fionnaidh |
6 |
Bradán Fanad Teo. |
Cionn Droma |
Saothrú Éisc – Bradán |
6 |
Earagail Éisc Teo. |
An Charraig |
Próiseáil Éisc |
6 |
Togra Dhún Lúiche Teo. |
Gaoth Dobhair |
Turasóireacht |
6 |