Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jun 2003

Vol. 569 No. 4

Written Answers. - Coláistí Samhraidh.

Trevor Sargent

Question:

116 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an freagra atá faighte go fóill ón Roinn Airgeadais faoin mbrú riaracháin atá á bhagairt ar mhná tí a choinníonn foglaimeoirí Gaeilge. [17706/03]

Mar a chuir mé in iúl cheana i bhfreagra ar Cheist Dála 104 ar 27 Bealtaine 2003 tá an cheist seo á scrúdú ag an Roinn Airgeadais i gcomhthéacs na Cáinaisnéise agus an Bhille Airgeadais 2004.

Top
Share