Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jun 2003

Vol. 569 No. 4

Written Answers. - Irish Language.

Olwyn Enright

Question:

147 D'fhiafraigh Ms Enright den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta Scéim Labhairt na Gaeilge a leathnú amach taobh amuigh den Ghaeltacht go dtí na tithe Gaeilge eile atá ar fud na tíre agus cathain a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar éifeacht na scéime críochnaithe. [217845/03]

Is é cuspóir scéim labhairt na Gaeilge muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus sa phobal i gcoitinne. Tá an scéim seo, ar nós cuid mhaith scéimeanna eile atá a reachtáil ag mo Roinnse, teoranta d'iarratasóirí a bhfuil gnáthchónaí orthu sna limistéir Ghaeltachta. Níl aon phleananna agam faoi láthair an coinníoll sin a athrú. Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú cuimsitheach atá a dhéanamh ag mo Roinn ar an scéim chun í a chur in oiriúint don lá inniu críochnaithe in am le go mbeifear in ann aon leasuithe atá i gceist a chur i bhfeidhm i 2004.

Top
Share