Tairgim:—
Go mbeidh sé mar threoir don Choiste ar an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958, go bhfuil cumhacht aige gach fo-alt d'alt 2 den Sceideal agus gach alt ina dhiaidh sin den Sceideal a bhreithniú ar leithligh agus go bhféadfaidh an Cathaoirleach an cheist a chur ar gach fo-alt nó alt ar leithligh acu sin (de réir mar bheas):—
"I gCodanna I agus II go bhfanfaidh an fo-alt sin nó an t-alt sin (nó an fo-alt sin nó an t-alt sin, arna leasú) mar chuid den Sceideal."