Tá roinnt rudaí tarlaithe ón am ar chuir muid an díospóireacht seo ar athló. Is dócha gurb é an príomhrud ná gur éirigh le Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua príomhdhuais Glór na nGael a bhaint amach ag ócáid an-taitneamhach a bhí ann le déanaí. Ba mhaith liom tréaslú le muintir an Cheathrú Rua agus le chuile dhuine a bhuaigh duaiseanna Glór na nGael. Bhí an-ócáid ann. Tá an-obair ar bun ar fud na tíre ag na dreamanna ar fad atá ag plé leis sin.
Tá Rónán Ó Domhnaill ceaptha mar Choimisinéir Teanga. Guímid gach rath air ina chuid oibre. Mar a dúradh roimhe seo, táimid thar a bheith buíoch de Sheán Ó Cuirreáin as ucht an obair a rinne sé. Ó shin i leith, tá cinn an Bhille a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe. Déanfaidh mé tagairt dóibh sin ar ball beag chomh maith céanna. Ní theastaíonn uaim dul isteach go mion sa straitéis ós rud é go bhfuil mé sásta - mar a thagair an Seanadóir Ó Domhnaill - go ndéanfaidh an fochoiste Oireachtais scrúdú líne ar líne ar dhul chun cinn na straitéise. B'fhéidir go ndíreoidh mé ar na réimsí níos leithne ó thaobh polasaithe de, srl.
Tá a fhios go maith ag an Aire Stáit go bhfuil pobal na Gaeilge an-chlamhsánach leis. Bhí agóid an-mhór taobh amuigh de na geataí anseo roinnt seachtainí ó shin. Bhí 10,000 duine amuigh ar an mbóthar agus iad "dearg le fearg". Tá agóid eile ar an ábhar céanna beartaithe go luath - i gceann cúpla lá - i mBéal Feirste. Bhí agóid mhór thiar i gConamara ó thaobh dúnadh Oifig an Choimisinéara Teanga. Fáiltím roimh Oifig an Choimisinéara Teanga a bheith ag fanacht neamhspleách agus lonnaithe sa Ghaeltacht. Is maith an rud é go raibh an tAire Stáit sásta éisteacht leis an bpobal ar an gceist sin.
Ní fhéadfainn a rá go bhfuil mé chomh sásta céanna maidir leis an méid atá le feiceáil ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá cinn an Bhille agus na haighneachtaí le feiceáil anios. Is deacair a thuiscint cén fáth ar thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas an méid seo a fhoilsiú. Is beag breise atá i gcinn an Bhille leasaitheach ná mar atá san Acht mar a sheasann sé. ar liom, tá formhór na 13 cinn ag lagú an Achta. B'fhéidir go gcuireann cinn Uimh. 6, Uimh. 9 maidir le hainmneacha agus seoltaí poist Gaeilge agus Uimh. 13 feabhas beag ar chúrsaí ó thaobh na Gaeilge de.
Tá sé soiléir ó na haighneachtaí a cuireadh isteach go bhfuil éileamh ag an bpobal maidir le seirbhísí iomlán trí Ghaeilge a sholáthar do shaoránaigh gan cheist gan choinníoll nuair atá a leithéid á lorg. Ba cheart na seirbhísí céanna a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta do phobal labhartha na Gaeilge, arís gan cheist gan choinníoll. Ní fheicim go ndéanfaidh an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla aon tacú nó aon láidriú ar an gceist sin beag ná mór; seachas sin, is dóigh liom go ndéanfaidh sé lagú ar chúrsaí.
Tá an-amhras orm maidir leis na scéimeanna teanga. D'admhaigh an tAire Stáit ag an bhfochoiste go bhfuil backlog mór ann ó thaobh na scéimeanna teanga a dhaingniú sa Roinn. Is léir go bhfuil 75% dóibh imithe in éag. Má leanann oifigigh na Roinne ar aghaidh iad a dhaingniú chomh sciobtha is atá siad ag bogadh chun cinn i mbliana - dúradh linn go raibh deich gcinn nó 11 cheann ann ag an am sin - tógfaidh sé 40 bliain dóibh an méid atá ag seasamh amach a thabhairt suas chun dáta.
Bhí an chuid is mó de na haighneachtaí ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla a tháinig ó na gnáthdhaoine agus na heagrais phobail ag iarraidh an reachtaíocht a láidriú, ach tá aiféala orm a rá gur a mhalairt a bhí i gceist i gcás na n-aighneachtaí a tháinig ó leithéidí an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Is mór an náire é gurb i mBéarla a cuireadh na haighneachtaí sin isteach, in ainneoin gur ag caint faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhíomar. Bhí na Ranna Stáit sin ag iarraidh lagú nó cúngú a dhéanamh ar chúrsaí. Sílim gurb é sin bun agus barr na faidhbe, i ndáiríre.
Tá an tAire Stáit fabhrach don Ghaeilge, agus deirtear linn go bhfuil cuid mhaith Airí agus Teachtaí fabhrach don teanga. Ní bhraithim go bhfuil tacaíocht na Ranna Stáit eile aige - beag ná mór - ó thaobh gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge, áfach. Ba mhaith liom sampla a thabhairt mar léiriú ar sin. Sa bhliain 2012, chuir an Roinn atá freagrach as daoine a fhostú le dul ag obair sa Státseirbhís fógra sna páipéir ag lorg oibrithe le haghaidh na Státseirbhíse. Cé go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa Státseirbhís, bhí an fógra iomlán i mBéarla go huile is go hiomlán.
Bhain an fógra le "temporary contracts for clerical officers" agus iad ag earcú fostaithe don Státseirbhís. Ní raibh tagairt dá laghad ó thaobh na Gaeilge de san fhógra, cé go bhfuil scéim i bhfeidhm ag an Roinn chéanna maidir le daoine a fhostú. Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil siad ag iarraidh daoine le Gaeilge a thabhairt isteach sa Státseirbhís. Conas a tharlóidh sé sin nuair nach bhfuil Ranna Rialtais fiú ag fógairt i nGaeilge mar ba chóir dóibh a dhéanamh? Níl siad ag lorg daoine le Gaeilge sna hiarratais sin. Sílim go léiríonn sé sin cuid de na deacrachtaí atá againn. Níl tacaíocht na Ranna Stáit éagsúla ag an Aire Stáit.
Bhí cruinniú ar an gCeathrú Rua le déanaí maidir le cúrsaí oideachais Gaeltachta, eagraithe ag dream a bhí ag plé le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta roimhe seo. Chuir sé iontas orm go raibh duine d'fheidhmeannaigh an Aire Stáit tar éis litir a chur chuig an gcruinniú sin ag rá nach bhféadfadh sí freastal ar an gcruinniú. Dúirt an duine seo, atá ag plé go han-ard sa Roinn maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, ní hamháin nach raibh sí in ann freastal, ach freisin nár bhain cúrsaí oideachais Gaeltachta leis an gcúram a bhí aici. Chuir sé sin an-iontas orm, ós rud é go bhfuil tagairtí do chúrsaí oideachais fite fuaite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
Tá an ceart ag an Seanadóir Keane sa mhéid a dúirt sí mar gheall ar na gaelscoileanna. Labhraíonn sí go minic faoi chúrsaí oideachais agus cé chomh maith is atá rudaí ag dul chun cinn. Má tá feidhmeannaigh de chuid an Aire Stáit, nó de chuid na Roinne, ag rá nach mbaineann cúrsaí oideachais Gaeltachta nó cúrsaí gaelscolaíochta lena gcúram, tá fadhb an-mhór againn. Sílim gur admhaigh an tAire Stáit é sin ag an gcruinniú den fhochoiste ar an straitéis 20 bliain a bhí againn thíos an staighre le déanaí. Dúirt sé go bhfuil an fhreagracht air i leith cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta amháin, agus an méid atá ag tarlú ina Roinn. Ní fhaca sé go raibh freagracht ar bith air maidir leis na Ranna eile. Is ceap magaidh é sin.
Tá an tAire Stáit freagrach as an straitéis 20 bliain, atá fite fuaite leis na Ranna eile. Muna bhfuil an tAire Stáit ag brú agus ag tiomáint na Gaeilge chun cinn lena chuid chomh-Airí, go háirithe i gcomhthéacs cúrsaí oideachais, cúrsaí fostaíochta, cúrsaí leasa shóisialaigh agus cúrsaí sláinte, cé atá chun é a dhéanamh? Tá dreamanna éagsúla sna hearnálacha seo ar fad ag cur seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá faitíos orm nach bhfuil an t-ábhar seo á thiomáint sách láidir ag an Aire Stáit. Tá imní orm nach bhfuil tacaíocht iomlán Rialtais aige, in ainneoin go mbíonn cruinnithe ann agus mar sin de.
Is mór an trua é gur bhain an tAire Stáit maoiniú ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, a bhí ag déanamh fíorobair a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis. Sílim nach bhfuil tuiscint ag leibhéal an Rialtais maidir leis an difríocht idir ghaelscolaíocht agus oideachas Gaeltachta. Tá riachtanais bhreise i gceist i gcás duine a bhfuil Gaeilge líofa aige nó aici cheana féin agus atá ag lorg oideachais trí mheán na Gaeilge. Ní hionann a bheith ag múineadh na Gaeilge do fhoghlaimeoir i scoil atá tar éis bheith ag feidhmiú i mBéarla agus oideachas trí mheán na Gaeilge sna hábhair iomláin a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá curaclam breise agus fócas difriúil ag teastáil. Níl an Rialtas ag díriú ar sin.
Tá eagraíochtaí ar nós Tuismitheoirí na Gaeltachta ag déanamh sár-obair ar an talamh maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail. Níl leath dóthain maoiniú á chur ar fáil dá leithéidí sin. Tá sé fíorthábhachtach go gcuireadh an tAire Stáit breis maoinithe agus breis tacaíochta ar fáil dá leithéidí.
Cá bhfuilimid ag dul, i ndáiríre, leis an rud seo? Tá tagairt déanta ag mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Domhnaill, do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá atheagar á dhéanamh ar na heagrais bunmhaoinithe. Ní bheidh fágtha ach sé eagraíocht bunmhaoinithe as an 19 eagraíocht atá ann faoi láthair. Tá ceist faoi leith ann maidir le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, atá luaite cheana féin. De réir mar is cosúil, tá an eagraíocht sin le scor. An bhfuil an tAire Stáit in ann a dheimhniú go n-íocfar iomarcaíocht reachtúil leo siúd ar fad a chaillfidh a bpoist de bharr cur i bhfeidhm an mhúnla nua maoinithe? Muna bhfuil na hacmhainní cuí ag na heagrais chun na híocaíochtaí sin a dhéanamh, an gcinnteoidh an tAire Stáit go dtacóidh Foras na Gaeilge leis na híocaíochtaí iomarcaíochta sin?
Cén fáth a bhfuil deireadh á chur le seirbhísí nuachta agus eolais gaelport.com nuair nach bhfuil aon chinneadh déanta maidir le céard a thiocfaidh i gcomharbacht air? Dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tá an-rath ag baint le seirbhísí gaelport.com. Caithfidh mé a rá go bhfuil go leor daoine á n-úsáid. Tá an t-éileamh ar an tseirbhís ag dul ó neart go neart. Faigheann an láithreán gréasáin sin breis is 1 milliún amas sa bhliain. Tá 7,000 síntiúsóir cláraithe dá ríomhirisí. Is iomaí duais agus gradam atá bainte amach ag gaelport.com le blianta.
Is léir, dá bhrí sin, leis an atheagar ar fad atá á dhéanamh, go bhfuilimid ag cailliúint cuid de na rudaí is luachmhaire atá againn. Nílim muiníneach go bhfuil an tAire Stáit ag brú na Gaeilge ar aghaidh sách láidir. Níl muinín agam as an straitéis 20 bliain don teanga. Bainfimid ó chéile é nuair a bheidh sé á phlé againn thíos ag an bhfochoiste. Sílim go bhfuil athmhachnamh iomlán á dhéanamh ar cá bhfuilimid ag dul ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann díriú in athuair i bhfad níos díograisí agus níos láidre ar chur chun cinn na Gaeilge. Ba cheart dúinn éirí as an gcur i gcéill, mar a thug Seán Ó Cuirreáin air agus é ag éirí as, maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.