I mí Iúil 2005, daingníodh scéim teanga faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla le Bord Sláinte an Iarthair, mar a bhí ag an am agus atá anois mar Réigiún an Iarthair d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Faoi alt 14(3) den Acht, fanann forálacha na scéime sin i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua.
Cé gur iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dréachtscéim teanga a ullmhú i mí na Nollag 2006 agus cé gur cuireadh dréachtscéim faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí ag an am, níor daingníodh an dréachtscéim leis an FSS ar bhonn náisiúnta ó shin, go príomha mar gheall ar phleananna athstruchtúraithe a bhí á mbeartú don FSS.
Tá plé gníomhach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus an FSS le tamall anuas maidir le dréachtscéim teanga a aontú leis an FSS ar bhonn náisiúnta. Ag eascairt ón bplé seo, tá tús curtha ag an FSS le próiseas comhairliúcháin ina leith ó 7 Eanáir 2015. Sa chomhthéacs seo, ní miste a nótáil go bhfuil athruithe substaintiúla sa treis ag an FSS faoi láthair maidir le bunú na nGrúpaí Ospidéal agus na nEagraíochtaí Sláinte Pobail. Táthar ag súil go gcuimseoidh an dréachtscéim nua atá á hullmhú na struchtúir nua seo.