Bunaíodh Scéim na gCúntóirí Teanga in 1999 ar bhonn píolótach chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta agus iompar teanga scoláirí scoile a chur i dtreo na Gaeilge. Tá infheistíocht shuntasach déanta ag mo Roinn sa scéim seo ó shin i leith.
Tá deontas gur fiú €718,578 in iomlán ceadaithe agam do Mhuintearas Teo agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne don scoilbhliain 2016/17 le cumasú dóibh beartais na scéime a chur i bhfeidhm thar ceann mo Roinne.
I bhfianaise na n-éileamh breise ar an scéim agus an imní atá léirithe faoi chostais riaracháin, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne an cás a phlé le hÚdarás na Gaeltachta. Déanfaidh mé an cheist a mheas tuilleadh nuair a bheidh torthaí an phróisis sin ar fáil.