Éamon Ó Cuív
Question:1197. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén uair atá sé i gceist aici go mbeidh deis ag ionadaithe ó Phobal Inis Meáin scrúdu a dhéanamh ar an obair atá déanta ar riachtanais na hoibre ar Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin ag comhairleoirí i gCorcaigh, cibé acu go fisiciúil nó go fíorúil, de bharr na práinne a bhaineann le dul ar aghaidh le hobair phleanála ar an gCé seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1368/21]
View answer