Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 April 2021

Wednesday, 28 April 2021

Questions (84)

Éamon Ó Cuív

Question:

84. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a fhoilseofar reachtaíocht nua chun go mbeidh bord le baill tofa ag pobal na Gaeltachta uair amháin eile ag Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21085/21]

View answer

Written answers

Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis.

Faoin socrú reatha agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord.  Faoi réir an Achta, agus i gcomhréir le cleachtais choitianta i ndáil le boird stáit, roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. 

Tá sé mar sprioc agam go gcuirfear tús le hathbhreithniú faoi réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais chomh luath agus is féidir agus tá obair ina leith idir lámha chuige sin.  Sa chomhthéacs seo, ag brath ar thorthaí an athbhreithnithe seo, tá i gceist ag an Rialtas Bille a thabhairt chun cinn ar mhaithe le toghcháin an Údaráis a thabhairt ar ais.

Top
Share