Is é sprioc an tionscadail Dúchas.ie digitiú Chnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) a thionscnamh chun go mbeidh rochtain ag an bpobal ar ábhar ón gCnuasach ar shuíomh gréasáin poiblí agus córas bainistithe sonraí ar fáil do CBÉ, a bhféadfar ábhar eile a chuimsiú ann de réir a chéile. Tá an tionscadal seo tábhachtach do mo Roinn agus cuireann sé le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Phlean Digiteach don Ghaeilge.
Is comhpháirtíocht é an tionscadal idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD, Fondúireacht Bhéaloideas Éireann agus Leabharlann Dhigiteach UCD, Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Cuireadh tús le tionscadal Dúchas.ie in 2012 and tá tacaíocht reatha á cur ar fáil ag mo Roinn dó trí na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta. Níl agus ní raibh riamh comhaontú maoinithe caipitil ag mo Roinn i leith an tionscadail seo.
Tá miondealú ar an maoiniú reatha ó 2012 anseo:
Bliain
|
Ceadaithe
|
Íoctha
|
2012
|
98,970
|
40,354
|
2013
|
147,624
|
147624
|
2014
|
271,565
|
271,565
|
2015
|
286,421
|
286,421
|
2016
|
258,821
|
258,821
|
2017
|
152,000
|
152,000
|
2018
|
100,893
|
100,893
|
2019
|
202,343
|
202,343
|
2020
|
226,191
|
226,191
|
2021
|
231,785
|
231,785
|
2022
|
242,812
|
242,812
|
2023
|
248,181
|
70,757*
|
*go dáta
Iomlán a ceadaíodh, 2012-2023: €2,238,636
Iomlán a íocadh, 2012-2023: €2,231,566