Aengus Ó Snodaigh
Question:531. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeadh sí sásta obair lena chinntiú, go háirithe i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe atá beartaithe don chraoltóir seirbhíse poiblí, go ndéanfar an céatadán de bhuiséad iomlán RTÉ a chaitear ar chraolachán Gaeilge a dhúbailt ó 7.5% go 15% chun na dualgais reachtúla atá orthu faoin Acht Craolacháin, 2009 a chomhlíonadh; breis soláthair a dhéanamh ar chláracha Gaeilge teilifíse agus raidió agus tacú le cothromaíocht pá agus forbairt caipitil do RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35683/23]
View answer