Tá sé beartaithe agam PQanna 141 agus 142 a thógáil le chéile.
Tá sé tábhachtach an ról éagsúil a imríonn an stát ag gach céim den chóras oideachais a aithint. Is comhlacht reachtúil de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a thugann comhairle don Aire Oideachais maidir le curaclam agus measúnú don oideachas luath-óige, bunscoile agus iar-bhunscoile agus ar na nósanna imeachta measúnaithe a úsáidtear i scoileanna agus scrúduithe ar ábhair, atá mar chuid den churaclam.Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le cur i bhfeidhm an Pholasaí ar Oideachas Gaeltachta, agus tá obair á déanamh anois ag an Roinn Oideachais maidir le polasaí nua a fhorbairt don oideachas trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Ó foilsíodh é, tá an Polasaí ar Oideachas trí Mheán na Gaeilge tar éis cuidiú le seachadadh na gaelscolaíochta i gceantair Ghaeltachta a neartú. Faoin bpolasaí sin, tá tacaíocht shuntasach curtha ar fáil do scoileanna Gaeltachta tríd an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Tá critéir teanga-bhunaithe leagtha amach do scoileanna lena chinntiú go bhfuil siad ag cur oideachas ar ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge. Chun tacú leo san obair sin, faigheann siad deontas chun ábhair a cheannach; faigheann siad uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge bunaithe ar rollú scoile; faigheann siad cuairteanna comhairleacha ón gCigireacht agus tacaíocht spriocdhírithe ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tríd an tionscadal e-Mol, tá mic léinn ag déanamh staidéir ar Fhisic agus Ceimic don Ardteistiméireacht anois trí chianfhoghlaim. Ní bheadh sé seo féideartha dóibh roimhe seo. Tá infheistíocht déanta freisin faoin bPolasaí i gcláir oideachas múinteoirí chun cur leis an soláthar dó mhúinteoirí atá ar fáil le teagasc trí mheán na Gaeilge. Tá tionchar dearfach an Pholasaí le brath ar scoileanna agus ar phobail ar fud na Gaeltachta. Maidir le polasaí nua don Ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht, tá próiseas leathan comhairliúcháin poiblí curtha i gcrích chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú, lena n-áirítear daoine óga, tuismitheoirí, gairmithe oideachais, páirtithe leasmhara oideachais agus eagraíochtaí Gaeilge. Déanfar na ceisteanna a ardaíodh sa chomhairliúchán sin a mheas mar chuid den obair ar fhorbairt an Pholasaí don Ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht