Tá polasaí maidir le forbairt scéimeanna tithíochta leagtha amach i dTithíocht do Chách.
Tá roinnt beart tugtha isteach ag an Rialtas chun tacú le teaghlaigh agus le daoine aonair ar mian leo teach a cheannach, chomh maith le méadú a dhéanamh ar an soláthar iomlán tithe nua, agus tacaíonn Ciste Baile an Chroí Chónaithe, a seoladh i mí Iúil 2022, le foirgnimh agus láithreáin atá folamh agus tréigthe i gceantair Ghaeltachta agus ar fud na tíre a úsáid.
Príomhthionscnamh ab ea tabhairt isteach an Deontais Athchóirithe Réadmhaoine Folamh faoi Chiste na mBailte Croí Cónaithe. Tacaíonn an Deontas le réadmhaoine folmha agus tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid mar thithe, agus ag an am céanna beatha nua a thabhairt isteach inár mbailte agus sráidbhailte, ag tacú lena n-athghiniúint.
Ó mhí na Bealtaine 2023, tá deontas suas le €50,000 ar fáil chun athfheistiú a dhéanamh ar réadmhaoin fholmha lena n-áitiú mar phríomháit chónaithe phríobháideach nó curtha ar fáil ar cíos. Sa chás go bhfuil réadmhaoin tréigthe, tá breisiú suas le €20,000 ar fáil, rud a thugann a deontas iomlán atá ar fáil do mhaoin thréigthe go huasmhéid de €70,000.
Tá an-tóir ar an scéim ó seoladh í. Go dtí deireadh R3 2023, bhí 4,640 iarratas faighte ag údaráis áitiúla ar fud na tíre agus ceadaíodh 1,975 iarratas agus íocadh 21 deontas amach.
Ón 1 Iúil 2023, tá tacaíocht bhreise ar fáil faoin Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh chun tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar réadmhaoin fholmha agus thréigthe atá lonnaithe ar na hoileáin chun cuidiú leo iad a chur in úsáid arís. Tá uasráta an Deontais Athchóirithe Maoine Folamh atá iníoctha suas le 20% níos airde do mhaoine fholmha agus thréigthe incháilithe ar oileáin cháilitheacha. Fágann sé seo na huasrátaí deontais d’athfheistiú réadmhaoine ar oileáin suas le €60,000 chun foirgnimh fholmha a athchóiriú agus suas le €84,000 sa chás go ndeimhnítear go bhfuil an mhaoin tréigthe agus go n-aithníonn sé na costais bhreise a bhaineann le foirgnimh fholmha agus thréigthe a athchóiriú ar na hoileáin.
Is í an dara scéim atá á seachadadh faoi Chiste na mBailte Croí Cónaithe ná an scéim Réidh le Tógáil. Seoladh é an 21 Meán Fómhair 2022, agus cuireann údaráis áitiúla suíomhanna seirbhísithe ar fáil i mbailte agus sráidbhailte ar rátaí lascainithe do dhaoine aonair ar mian leo a dteach féin a thógáil. Tá an Roinn i dteagmháil le húdaráis áitiúla faoi láthair chun láithreáin a aithint le díol faoin scéim.
Níl aon phleananna faoi láthair scéim tithíochta a bhunú go sonrach don Ghaeltacht. Tá mo Roinnse páirteach, áfach, i nGrúpa Idir-Rannach (ar a bhfuil oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus Údarás na Gaeltachta) atá ag obair chun treoir shonrach pleanála a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá mo Roinn sásta fós dul i dteagmháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le haon bhearta a bhaineann le forbairt tithíochta agus Gaeltachta.