Rose Conway-Walsh
Question:53. D'fhiafraigh Deputy Rose Conway-Walsh den Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe an bhfuil sé sásta bualadh le toscaireacht ón earnáil Gaeilge agus Gaeltachta maidir leis an bPlean Fáis, plean infheistíochta atá seolta ag Conradh na Gaeilge agus a bhfuil tacaíocht aige ó bhreis is 130 grúpa fud fad na tíre, chun caiteachas don earnáil a phlé i gcomhthéacs chaiteachas iomlán an Stáit, ní hamháin buiséad Roinn na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52778/23]
View answer