Tá an Roinn Sláinte ag obair lena chinntiú go gcaitear 5% de bhuiséad fógraíochta 2023 ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.
Tá an Roinn Sláinte tiomanta go hiomlán dár ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a cuireadh i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair 2022, a chomhlíonadh.
De réir riachtanas an Achta, comhlánóidh an Roinn tuairisceán comhlíontachta don bhliain 2023 leis an gCoimisinéir Teanga faoin 10 Márta 2024. Beidh sé seo mar bhunús ag an gCoimisinéir Teanga a dheimhniú go bhfuil an Roinn ag cloí le riachtanais fhógraíochta, cumarsáid ghinearálta agus cumarsáid tráchtála a bhíonn ag plé leis an bpobal i nGaeilge le linn 2023.
Beidh gá le heolas a bhailiú ó sholáthróirí éagsúla agus chainéil chumarsáide, a bhaineann le réimse feachtas, faoi obair a cuireadh i gcrích agus atá ar siúl i mbliana, chun an tuairisceán comhlíontachta a chomhlánú go cumasach, chomh maith le ceist an Teachta a fhreagairt go cruinn. Ní fhéadfaí freagra ar cheist an Teachta a chur le chéile laistigh den am a tugadh. Baileoidh m'oifigigh an t-eolas seo agus déanfar é a roinnt leis an Teachta nuair atá sé réitithe don bhliain 2023.