I propose to take Questions Nos. 531 to 534, inclusive, together.
Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán do na riachtanais maidir le fógraíocht atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a chomhlíonadh.
Tá feachtas fógraíochta amháin reachtáilte ag mo Roinn go dtí seo in 2023, le 5% den bhuiséad don fheachtas sin caite ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge, ag teacht leis na riachtanais san Acht. Tá 20% den bhuiséad don fheachtas céanna caite freisin ar fhógraíocht i nGaeilge, ag teacht le riachtanais an Achta freisin.
Tá ceithre ghníomhaireacht faoi shainchúram mo Roinne: Coimisiún Forbartha an Iarthair, POBAL, Sábháilteacht Uisce na hÉireann, agus an Rialálaí Carthanas. Is eintitis dhlíthiúla neamhspleácha iad ar fad atá freagrach as a ngnóthaí corparáideacha féin a bhainistiú de réir a n-oibleagáidí reachtúla. Tá sonraí phointe teagmhála an Oireachtais do gach gníomhaireacht, a bheadh in ann an fhaisnéis a iarrtar i leith a n-eagraíochta a sholáthar don Teachta, leagtha amach sa tábla thíos:
Pobal
|
oireachtasqueries@pobal.ie
|
An Rialálaí Carthanas
|
oireachtas@charitiesregulator.ie
|
Sábháilteacht Uisce na hÉireann
|
oireachtas@wsi.ie
|
Coimisiún Forbartha an Iarthair
|
oireachtas@wdc.ie
|