Skip to main content
Normal View

Cloisfidh Comhchoiste na Gaeilge faoin éileamh ar an nGaelscolaíocht iarbhunscoile nach bhfuil á shásamh ag an Stát

23 Apr 2024, 15:00

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 24 Aibreán 2024, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht ag leibhéal na hiar-bhunscoile nach bhfuil á shásamh ag an Stát.

Is é seo an chéad chruinniú i sraith cruinnithe ina ndéanfaidh an Comhchoiste breithniú ar an ábhar seo agus ina dtabharfaidh sé tacaíocht d’eagraíochtaí áirithe ar fud na tíre atá ag iarraidh an deis a thabhairt dá gcuid bpáistí oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 1 ag 13:30 agus beidh dhá sheisiún i gceist. Sa chéad seisiún, tiocfaidh an Foras Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge agus Gaeloideachas os comhair an Chomhchoiste. Sa dara seisiún beidh ionadaithe ann ag labhairt le Comhaltaí an Chomhchoiste ó fheachtais a bhaineann le Gaelcholáiste a bhunú i gCaisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, i gCloich na gCoillte i gContae Chorcaí, i gCill Dhéagláin i gContae na Mí, agus i dTulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is cúis náire don Stát é, breis is 100 bliain tar éis a bhunaithe, go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á dhiúltú don chuid is mo de dhaltaí na hÉireann. Cé go bhfuil roinnt Gaelcholáistí ann, is é fírinne an scéal nach dtugtar an rogha don chuid is mó de dhaltaí na hÉireann tabhairt faoin nGaeloideachas, más mian leo é sin a dhéanamh.

“Ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile araon tá éileamh neamh-líonta ann ó dhaltaí ar mhaith leo freastal ar Ghaelscoil nó ar Ghaelcholáiste. In 2015 dúirt 23% de thuismitheoirí ó lasmuigh den Ghaeltacht go roghnóidís an Ghaelscolaíocht dá bpáistí dá raibh an rogha sin acu [staidéar an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta]. Chomh maith leis sin, tá bearna mhór idir an 7% de dhaltaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus an 2.8% dóibh atá ag freastal ar Ghaelcholáistí. Agus tá an fhadhb a bhaineann leis an nGaelscolaíocht níos measa fós nuair a fhéachtar ar cheist an Ghaeloideachais ag leibhéal na naíonraí agus na n-ollscoileanna.

“Is léir nach bhfuil an Stát fiú sásta freastal ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht atá ann ón bpobal cheana, gan trácht ar an dualgas atá air éileamh ar an nGaelscolaíocht a chruthú agus a chothú a chomhlíonadh. Beidh sé soiléir ó na grúpaí a bheidh os comhair an Chomhchoiste amárach go bhfuil an Roinn Oideachais ag loiceadh ar dhaltaí nuair a theipeann sí an deis a thabhairt dóibh freastal ar scoil ina bhfuil siad ag foghlaim go h-iomlán in ár dteanga náisiúnta.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Sheomra Coiste 1 ar Oireachtas TV.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share