Skip to main content
Normal View

Is údar bróid do Chomhchoiste na Gaeilge é fás na líonraí Gaeilge ar fud na tíre

30 Apr 2024, 15:15

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 1 Bealtaine 2024, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘Pleanáil Teanga lasmuigh den Ghaeltacht’ le hionadaithe ó cheantair éagsúla fud fad na hÉireann a bhfuil sárobair ar bun acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha ina bpobail áitiúla féin.

Beidh ionadaithe ó Bhaile Locha Riach, Carn Tóchair, Cluain Dolcáin, Cathair Chorcaí, Contae Chill Dara, Iarthar Bhéal Feirste, agus Contae an Chláir, os comhair an Chomhchoiste chun a gcuid taithí agus tuairimí a roinnt leis.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 4 ag 13:30. Is é seo an chéad chruinniú de dhá cheann de chruinnithe a bheidh á reáchtáil ag an gComhchoiste chun a bhreithniú a dhéanamh ar an ábhar seo.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is údar bróid dúinn é go bhfuil labhairt na Gaeilge ag fás agus ag dul ó neart go neart i mbailte agus i gceantair ar fud na tíre. Tugann sé dóchas dúinn an Ghaeilge a chloisteáil mar theanga phobail in áiteanna nár labhraíodh í le fada an lá. Nuair a chloisimid an Ghaeilge á labhairt lasmuigh den Ghaeltacht, feicimid na líonraí Gaeilge atá ag teacht chun cinn freisin chun seilbh a ghlacadh an athuair ar a n-oidhreacht agus ar a dteanga dhúchais.”

“Ba mhaith leis an gComhchoiste gach cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do na Líonraí Gaeilge agus do na ceantair nár éirigh leo stádas oifigiúil a bhaint amach go fóill mar Líonra Gaeilge. Ba mhaith leis a dheimhniú freisin go dtiocfaidh fás agus méadú ar na Líonraí Gaeilge, agus go ndíreofar aird an Rialtais agus an phobail i gcoitinne ar an bhforbairt seo chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt di.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Sheomra Coiste 1 ar Oireachtas TV.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share