Skip to main content
Normal View

Cloisfidh Comhchoiste na Gaeilge faoin éileamh ar an nGaelscolaíocht iarbhunscoile nach bhfuil á shásamh ag an Stát

14 May 2024, 17:00

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 15 Bealtaine 2024, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht ag leibhéal na hiar-bhunscoile nach bhfuil á shásamh fud fad chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath.

Pléifear an t-ábhar seo le hionadaithe o Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, 8; ó Dheisceart Chathair Bhaile Átha Cliath; ó Shord Cholm Cille agus ó Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath.

Chomh maith leis sin pléifidh an Comhchoiste an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht ag leibhéal na bunscoile nach bhfuil á shásamh i mBaile Átha Cliath 10 agus 12.

Is é seo an dara cruinniú i sraith cruinnithe ina ndéanfaidh an Comhchoiste breithniú ar an ábhar seo agus ina dtabharfaidh sé tacaíocht d’eagraíochtaí áirithe ar fud na tíre atá ag iarraidh an deis a thabhairt dá gcuid bpáistí oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 4, TL2000, Teach Laighean ar 13:30 go 16:30 agus beidh dhá sheisiún i gceist. Sa chéad seisiún buailfidh an Comhchoiste leis na hionadaithe atá ag iarraidh ar an Stát cearta a leanaí i leith oideachais lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile a sholáthar dóibh, agus sa dara seisiún, buailfidh an Comhchoiste leis na hionadaithe atá ag iarraidh ar an Stát cearta a leanaí i leith oideachais lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile a sholáthar dóibh.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá oideachas lán-Ghaeilge, ó thús go deireadh, ó rang na naíonán sóisearach suas go dtí rang na hArdteistiméireachta á éileamh ag tuismitheoirí na hÉireann le fada an lá agus is cúis náire dúinn, mar Stát, nach bhfuil sé ar fáil dóibh.

“Is dúshlán mór dúinn an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach dalta in Éirinn, agus chomh maith leis sin, tá dualgas orainn é sin a sholáthar dóibh, go mórmhór i bhfianaise Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021 agus an tiomantas atá ann go mbeidh 20% de sheirbhísigh poiblí an Stáit ina seirbhísigh poiblí dátheangacha.

“Conas is féidir linn an dúshláin seo a shárú agus an tiomantas seo a chomhlíonadh mura féidir le daltaí scoile na hÉireann rochtain éasca agus insroichte a fháil ar an nGaeloideachas den chéad scoth? Mura féidir leo a gcearta oideachais a fháil ón Stát?”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. 

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Sheomra Coiste 4 ar Teilifís an Oireachtais

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android. 

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share