Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Bás Cuidithe

Cuireadh an Comhchoiste um Bás Cuidithe ar bun chun athruithe reachtaíochta agus beartais a bhreithniú maidir le ceart reachtúil chun cabhrú le duine deireadh a chur lena shaol nó lena saol agus ceart reachtúil chun cúnamh den sórt sin a fháil, agus chun moltaí a dhéanamh ina leith.

Cuireadh an Comhchoiste um Bás Cuidithe ar bun le tairiscint a chomhaontaigh Dáil Éireann Dé Máirt, an 24 Eanáir 2023 agus le tairiscint a chomhaontaigh Seanad Éireann Déardaoin, an 2 Feabhra 2023.

D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh in obair an Chomhchoiste: iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh socrú maidir le bás cuidithe oibriú in Éirinn; scrúdú a dhéanamh ar na cosaintí a bhaineann leis an socrú maidir le bás cuidithe; scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna bunreachtúla, dlíthiúla agus eiticiúla a bhaineann le socrú den sórt sin; agus iarmhairtí neamhbheartaithe féideartha an tsocraithe sin a shainaithint.

An Cathaoirleach

Léargas an Chathaoirligh: Michael Healy-Rae

Iúil 2023 Déanann Cathaoirleach an Chomhchoiste um Bás Cuidithe cur síos ar obair an Choiste agus a ról maidir le díospóireacht a dhéanamh ar ábhar an-íogair. Cuid de The Chair Series ar Theilifís an Oireachtais.

Amharc ar an bhfíseán

Barr
Roinn