Tá an Coiste um Dhlí agus Ceart ina fhóram do Chomhaltaí den Oireachtas, bíodh siad ina mball de pháirtí ar bith nó ná bíodh, mar ar féidir leo ionchur fiúntach a chur le reachtaíocht thábhachtach agus le réimsí beartais a mbaineann an-tábhacht leo. Déanann sé breithniú ar chúrsaí beartais lena n-áirítear iad siúd i réimse an cheartais, i réimse na slándála, agus i réimse riail an dlí.